Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Buidheag
ainmfhocal
uimhir iolraidh buidheagrachaí
ní cloistear é ach 'san uimhir iolraidh.
bruscair; brúisceannaí; scaireannaí; balla, poll fataí, cruach mhóna, leachta, nó strapa a mbeadh bruscar chloch in 'éadan etc, a's é tuitim; broscán creafóige, cloch, móna etc a' tuitim.
+
Thuit éadan a' phuill (fhataí) in a bhuidheagrachaí.
Thuit a' poll fataí anuas in a bhuidheagrachaí orm.
TUILLEADH (11) ▼
Níl fhios cé na buidheagrachaí cloch a thuit as a' strapa sin thiar indé.
Is maith a chuaidh tú as, nach raibh tú faoi, nuair a thosuigh na buidheagrachaí sin a' tuitim as.
Beidh sé a' tuitim leis in a bhuidheagrachaí mar sin, go mbeidh sé tuithte go talamh.
Níl aon-bhliadhain beo, nach bhfuil buidheagrachaí a' tuitim as balla na céibhe.
Thosuigh na mion-chlocha siúd a' tuitim in a mbuidheagrachaí.
Chomh luath a's thosuigh muid a' tolladh ag béal na h-áfaigh, thug éadan na h-aille uaithe, a's thosuigh sí a' tuitim in a buidheagrachaí. Níor mhór (dh)uinn, go raibh muid imthighthe, nó bheadh scéal againn air.
Imthigheann buidheagrachaí 'chuile bhliadhain, as na h-álltrachaí sin.
Ní mórán eile buidheagrachaí 'imtheochas aisti, nuair a bheidheas poll maith innte (aill nó strapa).
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, a' rith ar a' bhfód tirm, a's seo anuas an gníomh in a bhuidheagrachaí in a mhullach.
Mara dtóige sib an chruach as éadan, is gearr go dtuite an t-uachtar in a bhuidheagrachaí.
Má bhaineann tú an eochair sin as a' mballa, beidh sé anuas ort in a bhuidheagrachaí.