—
bruscair; brúisceannaí; scaireannaí; balla, poll fataí, cruach mhóna, leachta, nó strapa a mbeadh bruscar chloch ina éadan srl., agus é titim; bruscán créafóige, cloch, móna srl. ag titim.
+–
Thit éadan an phoill (fhataí) ina bhuíograchaí
Thit an poll fataí anuas ina bhuíograchaí orm.
TUILLEADH (11) ▼
Níl a fhios cé na buíograchaí cloch a thit as an strapa sin thiar inné.
Is maith a chuaigh tú as nach raibh tú faoi nuair a thosaigh na buíograchaí sin ag titim as.
Beidh sé ag titim leis ina bhuíograchaí mar sin go mbeidh sé tite go talamh.
Níl aon bhliain beo nach bhfuil buíograchaí ag titim as balla na céibhe.
Thosaigh na mionchlocha siúd ag titim ina mbuíograchaí.
Chomh luath agus a thosaigh muid ag tolladh ag béal na háfaigh, thug éadan na haille uaithi agus thosaigh sí ag titim ina buíograchaí. Níor mhór dhúinn go raibh muid imithe nó bheadh scéal againn air.
Imíonn buíograchaí chuile bhliain as na halltrachaí sin.
Ní mórán eile buíograchaí a imeos aisti nuair a bheas poll maith inti (aill nó strapa)
Tharraing sé an mhóin as íochtar na cruaiche, ag rith ar an bhfód tirim, agus seo anuas an gníomh ina bhuíograchaí ina mhullach
Mura dtóga sibh an chruach as éadan, is gearr go dtite an t-uachtar ina bhuíograchaí.
Má bhaineann tú an eochair sin as an mballa, beidh sé anuas ort ina bhuíograchaí.