Báltaí
—bálta — aonda — ach is annamh a cloistear aonda é
—
an áit imbléin bó a mbíonn na glaedhthachaí uirre, a's a ndéanann sí a h-uisce, ar' chaon chois. Tá na grianáin díreach as a gcion.
+–
Tá báltaí na bó sin uiliog faoi ghlaedhthachaí.
Bhí glaedh ar a báltaí indiu, nuair a chuaidh mé dhá bleaghan sa ngarraidhe. Is mór a' t-iongnadh liom go dtiocfadh aith-dháir uirre aríst.
TUILLEADH (11) ▼
Dáir atá uirre ma tá aon-ghlaedh le na báltaí.
Ní mé céard d'eirigh de bháltaí na bó sin. Tá siad faoi fhuil fré chéile.
Tá na grianáin as cionn na mbáltaí briste aice. Feicfe tú féin gur gearr eile a thiubhras sí léithe (i.e. go mbí laogh aice).
'Siongantach liom fuil a bheith ar a báltaí, maran tada a bheadh a 'gabhail di = maran tinneas a' bith a bheadh uirre.
Ná buail a' bhó ar na báltaí, nó gortócha tú thar cionn í!
Bhí 'chaon chlársach de ghlaedh le na báltaí! D'iagcóir Dé (d'éagcóir dé?) má tá dáir aríst uirre!
Dáir atá caithte aice, a's an ramallae sin a bheith ar na baltaí aice.
Bhí salachar an laoigh a's an ghrúdarlach le na báltaí, arae ní raibh sí ach slánuighthe ar éigin = ní raibh ach salachar an laoigh a's an ramallae eile th'éis a thoidheacht (féach "slánuighthe")
Tá at in a báltaí, maran gortú 'bith d'eirigh di sa gcrích dhriseachaí sin thiar indiu.
Aithneocha tú ar a báltaí má thugann sí laogh léithe, nó nach dtiubharfa.
Ní maith liom an ramallae ná [an] grúdarlach fhola sin a bhío(nn)s ar a bóltaí (ar a báltaí) 'chuile mhaidin. Is mór m'fhaitchíos gur tolgtha atá sí.