Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bálta, báltaí
bálta aonta, ach is annamh a cloistear aonta é
an áit i mbléin bó a mbíonn na glaechaí uirthi, agus a ndéanann sí a huisce, ar chaon chois. Tá na grianáin díreach os a gcion.
+
Tá báltaí na bó sin uileag faoi ghlaechaí.
Bhí glae ar a báltaí inniu, nuair a chuaigh mé dhá bleán sa ngarraí. Is mór an t-ionadh liom go dtiocfadh athdháir uirthi aríst.
TUILLEADH (11) ▼
Dáir atá uirthi má tá aon ghlae le na báltaí.
Ní mé céard a d'éirigh de bháltaí na bó sin. Tá siad faoi fhuil fré chéile.
Tá na grianáin os cionn na mbáltaí briste aici. Feicfidh tú féin gur gearr eile a thabharfas sí léithe (.i. go mbí lao aice)
Is iontach liom fuil a bheith ar a báltaí, muran tada a bheadh ag gabháil di — muran tinneas ar bith a bheadh uirthi.
Ná buail an bhó ar na báltaí nó gortóidh tú thar cionn í!
Bhí chaon chláirseach de ghlae le na báltaí! D'éagóir Dé má tá dáir aríst uirthi!
Dáir atá caite aici agus an ramallae sin a bheith ar na baltaí aici.
Bhí salachar an lao agus an ghrúdarlach le na báltaí, arae ní raibh sí ach slánaithe ar éigean — ní raibh ach salachar an lao agus an ramallae eile théis a theacht (fc. slánaithe)
Tá at ina báltaí, muran gortú ar bith a d'éirigh di sa gcrígh dhriseachaí sin thiar inniu.
Aithneoidh tú ar a báltaí má thugann sí lao léithe nó nach dtabharfaidh.
Ní maith liom an ramallae ná an grúdarlach fhola sin a bhíonns ar a bóltaí (báltaí) chuile mhaidin. Is mór m'fhaitíos gur tolgtha atá sí.