1.
sórt sruimh nó gobán iarainn a bhíos ar adhastar capaill nó beithidhigh, le na cinnireacht a's le na ceannsú.
+–
Bhí sé ingreim béalbhaighe sa gcapall.
Cuir béalbhach léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Ceannsócha an béalbhach seo anois é (asal), feicfe sé fhéin air.
2.
giomannach scáinte féasóige a bheadh in a riasc ar éadan duine ó 'chaon chúinne dhá bhéal go dtí na chluasa.
+–
Tá béalbhach ar Ph. Ph.
Tá béalbhach fhéasóige air.
TUILLEADH (6) ▼
Breagh nach mbearrann sé an béalbhach siúd, nó 'síleann sé gur mór a' slacht air í?
Leigfe mé suas béalbhach fhéasóige.
Tá na géill bearrtha aige, ach tá béalbhach ó bhéal go cluais air.
Is iomdha duine a mbíodh béalbhach fadó air, ach bíonn mórán 'chuile dhuine glan-bhearrtha anois.
Beirt bhádóirí a bhí ann — duine acab faoi fhéasóig uileag, a's béalbhach ar a' gceann eile. Ach cé'n uair a chonnaic tú bádóir glan-bhearrtha?
Teigheann féasóg go deas do shean-daoine, ach ní theigheann béalbhach mar atá air sin, go deas d'aonduine.
3.
cluasa, cómhgar, béal áite, nó ingort a' bhaile ag áit. béalmhachaí? (macha = bán tighe).
+–
Tiocfa mé soir i mbéalmhachaí an S. scathamh = i gcluasa, i gcomhgar etc.
Ní áit a' bith do dhuine a bheith síos i mbéalmhachaí na Gaillimhe sin.
TUILLEADH (5) ▼
Sílim gur chaith ceannuidhe an oidhche aréir imbéalmhachaí an tighe seo. Fuair mé leaba dhearg 'san iothlainn ar maidin, a's níor tháinic iabh ar a' mada, ach a' tafann ar feadh na h-oidhche.
Ná teagadh sé aníos in mo bhéalmhachaí-sa, má tá an t-ádh air.
Imthighthe soir, annsin soir, imbéalmhachaí Bh. an D. atá siad, mar deir M.
Ní imbéalmhachaí cladaigh ab fhearr liom a bheith, dá mbeadh neart agam air.
Ní siar i mbéalmhachaí boirinn a thiubhrainn m'aghaidh, marach go mb'éigin dom é.