Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
béalbhach
ainmfhocal, baininscneach
uimhir iolra: béalbhachaí
1.
sórt sruibh nó gobán iarainn a bhíos ar adhastar capaill nó beithígh lena cinnireacht agus lena ceansú.
+
Bhí sé i ngreim béalbhaí sa gcapall.
Cuir béalbhach léithe.
TUILLEADH (1) ▼
Ceansóidh an béalbhach seo anois é (asal), feicfidh sé fhéin air.
2.
giomannach scáinte féasóige a bheadh ina riasc ar éadan duine ó chaon chúinne dhá bhéal go dtí n-a chluasa.
+
Tá béalbhach ar Ph. Ph.
Tá béalbhach fhéasóige air.
TUILLEADH (6) ▼
Breá nach mbearrann sé an béalbhach siúd nó an síleann sé gur mór an slacht air í?
Ligfidh mé suas béalbhach fhéasóige.
Tá na géill bearrtha aige ach tá béalbhach ó bhéal go cluais air.
Is iomaí duine a mbíodh béalbhach fadó air ach bíonn mórán chuile dhuine glanbhearrtha anois.
Beirt bhádóirí a bhí ann — duine acub faoi fhéasóig uileag agus béalbhach ar an gceann eile. Ach cén uair a chonaic tú bádóir glanbhearrtha?
Téann féasóg go deas do sheandaoine ach ní théann béalbhach mar atá air sin go deas d'aon duine.
3.
cluasa, comhgar, béal áite, nó i ngort an bhaile ag áit. (béalmhachaí? (macha = bán tí)).
+
Tiocfaidh mé soir i mbéalbhachaí an S. scaitheamh — i gcluasa, i gcóngar srl.
Ní áit ar bith do dhuine a bheith síos i mbéalbhachaí na Gaillimhe sin.
TUILLEADH (5) ▼
Sílim gur chaith ceannaí an oíche aréir i mbéalbhachaí an tí seo. Fuair mé leaba dhearg san iothlainn ar maidin, agus níor tháinig iamh ar an mada ach ag tafann ar feadh na hoíche.
Ná teagadh sé aníos in mo bhéalbhachaíse má tá an t-ádh air.
Imithe soir ansin soir, i mbéalbhachaí Bh. an D. atá siad, mar adeir M.
Ní i mbéalbhachaí cladaigh ab fhearr liom a bheith dá mbeadh neart agam air.
Ní siar i mbéalbhachaí Boirinn a thabharfainn m'aghaidh murach go mb'éigean dom é.

béalbhach in iontrálacha eile (1)

 
déan 1
Dhá mbeifeá ag iarraidh a tabhairt ó thuaidh, bheadh sé chomh maith dhuit an leataobh ó dheas (den adhastar) a ríochan leis an leataobh ó thuaidh, mar níl a béal déanta ach an oiread leis an gcéad lá ar cuireadh an bhéalbhach ina béal