Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Béalóg
ainm-fhocal, baininscneach
1.
a.
bearna bheag, oscailt, séanus scáinne nó mannt. Tugtar go h-áithrid ar an oscailt é 'bhíos idir dhá fhód coise nó dhá fhód dhearga idteine.
+
Cuir síos toit bháirne dhá róstadh sa mbéalóig.
Deasuigh anuas ar aghaidh na béalóige (sa teine).
TUILLEADH (6) ▼
Cuir isteach sa mbéalóig é, a's is gearr a bheidheas sé a' fiuchadh.
Bhí bruithneog dhá róstadh sa mbéalóig aige.
Is beag a' dochar di loirgní breaca fhéin a bheith aice, a's gur thíos sa mbéalóig atá siad sactha aice ó mhaidin go faoithin.
Shílfeá go bhfuil dé bheag sa mbéalóig seo. (teine a bhí a' brath ar deargadh).
Níl sí ach a' cnádadh léithe. Dheamhan a dhath lasair a' teacht uirre, ach a bhfuil sa mbéalóig seo = teine a bheadh a' dóghadh léithe go roighin, ar bheagán teasa ná lasrach.
Thuit sí isteach sa mbéalóig.
+
Tá béalóg de bhearna ann, a's féadfa tú an buicéad a shíneadh isteach thairti, (ch)uig a' laogh = maol-bhearna
Nuair a shíl mé a dhul isteach an bhéalóg sa ngarrdha, ná raibh ann, marar thuit a' claidhe in aon-bhrúisc amháin go talamh. Bhí an t-ádh orm nar thuit ceann de na gruadháin (chloch) siúd ar mo chosa.
TUILLEADH (5) ▼
Teigidh isteach an bhéalóig atá i lúibinn an chlaidhe ó thuaidh.
Má tá béalóg a' bith de bhearna ann, ní bheidh aon-stró(bh) orm.
Tá béalóg soir sa gcarracán, a's is ann a d'éaluigh mé uaidh = scáinne idir na carraigreachaí nó na clocha móra.
Sa mbéalóigín atá sa gcrích dhriseachaí a chuaidh mé i bhfolach air.
Tá béalóigín — cuisle bheag uisce aníos ann — a's is ait an dóigh iascaigh í, ar thaoille tuile. = scáinne uisce nó sáile ar chladach; rithfeadh a' t-uisce ann, ar a' tuile, níos túisce ná 'sna giodáin faoi gcuairt.
+
Tá béalóg bheag idir a cláir-fhiacla = scáinne nó séanus beag.
Tá drad dlúth aice marach a' bhéalóg sin.
TUILLEADH (4) ▼
Go deimhin is mór a' mío-shlacht ar do mhacsamhail de chailín óg, béalóg mar sin a bheith in do dhrad!
Tá béalóigín idir dhá fhiacail léithe — mar bheadh fiacla scagacha aice.
Mara bhfuil de mharach agad uirre, ach a' bhéalóig sin atá in a drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adubhradh).
Chuirfeá cois scine isteach sa mbéalóig atá in a drad.
b.
·
Níl bainte ach béalóigín bheag bhídeach de'n chúl thiar aige = garrdha féir nó arbhair: ascaillín bheag a bheith bainte ann.
·
Thuit bealóig dhi, a's mé a' líonadh an chléibh.
Bhí béalóg tuithte as a' gcruaich (mhóna).
2.
srumh nó sórt gobán a cuirtear ar mhadadh, oilbhéasach (T. B.).
·
Tá béalóg ar a' madadh, a's ní mór dhó sin, arae tá'n diabhal go deo ar a chuid oilbhéis.
Ceannsócha an bhéalóg seo é, anois, feicfe tú fhéin air.
3.
fear buaic, nó an té a bhíos ar béala (an marcach) ar chapall má bhíonn duine ar cúlóig. Tugtar in áiteachaí i gConamara ó thuaidh béalóg ar a' té a bhíos ar buaic nó ar béala ar chapall, má bhíonn duine eile ar cúlóig.
+
Cé acu de'n bheirt a bhí ar béalóg.
'Sé Seán ar ndó' a bhí ar béalóg. D'eile! (D)ar ndó' ní indon í a chinnireacht atá an scraiste eile.
TUILLEADH (6) ▼
Gabh thusa ar cúlóig, a's racha mise ar béalóig.
Thug sé leis an putach ar béalóg.
Má's cúlóg nó béalóg dhom, tá mé indon fanacht uirre (i.e ar a' gcapall) ní hé t'fhearacht féin é.
B'fhearr liom péin go mór fada ar cúlóig ná ar bealóig, ach ní fheicfeá cúlóg a' bith anois.
D'athruigheamar leath-bealaigh abhaile: fuaidh mise ar cúlóig, a's eisean in m'áit-sa ar béalóg.
Dheamhan feannc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg, glan-eascartha anuas as ascar na diallaide. Níl aon-rath in a mharcach leis.
4.
barr teanachair. Béalóg a tugtar in áiteachaí ar bharr teannachair nó pinsiúir.
+
Tá béalóg a' teannachair briste.
Rug sé imbéalóig a' teannachair air.
TUILLEADH (1) ▼
Bá mhór a' rath ar a' teannachair seo béalóg a chuir innte.