béalóg
—ainmfhocal, baininscneach
1.
a.
bearna bheag, oscailt, séanas scáine nó mant. Tugtar go háirid ar an oscailt é a bhíos idir dhá fhód coise nó dhá fhód dhearga i dtine.
+–
Cuir síos toit bhairnigh dhá róstadh sa mbéalóig.
Deasaigh anuas ar aghaidh na béalóige (sa tine)
TUILLEADH (6) ▼
Cuir isteach sa mbéalóig é agus is gearr a bheas sé ag fiuchadh.
Bhí bruithneog dhá róstadh sa mbéalóig aige.
Is beag an dochar di loirgní breaca fhéin a bheith aici agus gur thíos sa mbéalóig atá siad sactha aici ó mhaidin go faoithin.
Shílfeá go bhfuil dé bheag sa mbéalóig seo (tine a bhí ag brath ar deargadh)
Níl sí ach ag cnádadh léithe. Dheamhan a dhath lasair ag teacht uirthi ach a bhfuil sa mbéalóig seo — tine a bheadh ag dó léithe go righin, ar bheagán teasa ná lasrach.
Thit sí isteach sa mbéalóig.
+–
Tá béalóg de bhearna ann agus féadfaidh tú an buicéad a shíneadh isteach thairti chuig an lao — maolbhearna
Nuair a shíl mé a dhul isteach an bhéalóg sa ngarraí, ná raibh ann murar thit an claí in aon bhrúisc amháin go talamh. Bhí an t-ádh orm nár thit ceann de na gruáin (chloch) siúd ar mo chosa.
TUILLEADH (5) ▼
Téigí isteach an bhéalóig atá i lúbainn an chlaí ó thuaidh.
Má tá béalóg ar bith de bhearna ann, ní bheidh aon stró orm.
Tá béalóg soir sa gcarracán agus is ann a d'éalaigh mé uaidh — scáine idir na carraigreachaí nó na clocha móra.
Sa mbéalóigín atá sa gcrígh dhriseachaí a chuaigh mé i bhfolach air.
Tá béalóigín — cuisle bheag uisce aníos ann — agus is ait an dóigh iascaigh í ar thaoille tuile — scáine uisce nó sáile ar chladach; rithfeadh an t-uisce ann ar an tuile níos túisce ná sna geadáin faoi gcuairt.
+–
Tá béalóg bheag idir a clárfhiacla — scáine nó séanas beag.
Tá drad dlúth aici murach an bhéalóg sin.
TUILLEADH (4) ▼
Go deimhin is mór an míshlacht ar do mhacasamhail de chailín óg béalóg mar sin a bheith in do dhrad!
Tá béalóigín idir dhá fhiacail léithe — mar a bheadh fiacla scagacha aici.
Mura bhfuil de mharach agat uirthi ach an bhéalóig sin atá ina drad uachtair, is deacair do dhíol de bhean a dhéanamh amach duit! (as fonóid adúradh)
Chuirfeá cois scine isteach sa mbéalóig atá ina drad.
b.
·
Níl bainte ach béalóigín bheag bhídeach den chúl thiar aige — garraí féir nó arbhair: ascaillín bheag a bheith bainte ann.
·
Thit bealóig dhi agus mé ag líonadh an chléibh.
Bhí béalóg tite as an gcruaich (mhóna).
2.
srubh nó sórt gobán a cuirtear ar mhadadh oilbhéasach (T. B.).
·
Tá béalóg ar an madadh agus ní mór dhó sin, arae tá an diabhal go deo ar a chuid oilbhéis.
Ceansóidh an bhéalóg seo é anois, feicfidh tú fhéin air.
3.
fear buaic, nó an té a bhíos ar béala (an marcach) ar chapall má bhíonn duine ar cúlóig. Tugtar in áiteachaí i gConamara ó thuaidh béalóg ar an té a bhíos ar buaic nó ar béala ar chapall, má bhíonn duine eile ar cúlóig.
+–
Cé acu den bheirt a bhí ar béalóg.
'Sé Seán ar ndóigh a bhí ar béalóg. Deile! Ar ndóigh ní in ann í a chinnireacht atá an scraiste eile.
TUILLEADH (6) ▼
Gabh thusa ar cúlóig agus rachaidh mise ar béalóig.
Thug sé leis an putach ar béalóg.
Más cúlóg nó béalóg dhom, tá mé in ann fanacht uirthi (.i. ar an gcapall), ní hé t'fhearacht féin é.
B'fhearr liom péin go mór fada ar cúlóig ná ar béalóig, ach ní fheicfeá cúlóg ar bith anois.
D'athraíomar leath bealaigh abhaile: fuaidh mise ar cúlóig agus eisean in m'áitse ar béalóg.
Dheamhan feanc a baineadh as Pádraig a bhí ar cúlóig, ach cuireadh an té a bhí ar béalóg glanoscartha anuas as ascar na diallaite. Níl aon rath ina mharcach leis.
4.
barr teanchair. Béalóg a tugtar in áiteachaí ar bharr teanchair nó pionsúir.
+–
Tá béalóg an teanchair briste.
Rug sé i mbéalóig an teanchair air.
TUILLEADH (1) ▼
Ba mhór an rath ar an teanchair seo béalóg a chur inti.