—
craosánach; duine mór-thráthach; duine a d'íosfadh nó a d'ólfadh thar a cheart nó a sháith; duine a chuirfeadh ceas air fhéin, leis a' muinise a d'íosfad sé; duine a dhéanfadh bolgán béice dhe fhéin le ithe nó ól.
+–
Ná déan béiceadán dhíot fhéin le na fataí sin.
Má fhaghann na gamhna leigean ar a' triosc atá thoir annsiúd, déanfa siad béiceadáin díob fhéin leis.
TUILLEADH (5) ▼
Fhobair go ndéanfainn béiceadán dhíom fhéin le'r ith mé aca(b): bhí mé nuaidhe aca(b).
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Annsin shín sí siar ó chluais go rioball a's cailleadh í. Badh é an feall é, arae ba bhreagh, feiceálach a' bhó í, a's an-bhó bhainne.
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé 'teacht amach thrídh na shúile, ní áirmhighim a mhaltraid.
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean a' bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar a' gcaoi sin, le ól. Bíonn caith(eamh) a's cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath-milleáin le tabhairt dóib, a's na mná fhéin ar a' gceird sin.
Tá sé in am ag do ghoile dúnadh feasta, maran leat béiceadán críochnuighthe a dhéanamh dhíot fhéin le n-íosfa tú.
+–
Ní raibh tú ariamh fhéin nach shin é an chaoi a mbeitheá — in do bhéiceadán le ól a' teacht abhaile dhuit.
Lu(igh) sé siar in a bhéiceadán — líonta suas len ar ith sé ar a dhinnéar.
TUILLEADH (5) ▼
Ó bhí an ceathaile in a bhiadh nuaidhe againn, leag muid air, go raibh muid in a mbéiceadáin aige.
Tá sé in a bhéiceadán le na bhfuil de shaill air.
Má thuiteann tú mórán eile i mbolg, beidh tú in do bhéiceadán ceart, críochnuighthe = ma ramhruigheann nó má mhéaduigheann do bholg mórán eile, beidh tú in do bholgán béice.
'Sé rinne an craos mór. D'fhága an fheoil in a bhéiceadán é.
Chuala mé go bhfuil tú in do bhéiceadán ag ithe mairtfheola ar an aimsir seo. (An t-am a raibh an mhairtfheoil dhá leigean amach in aisce adubhradh seo).