—
craosánach; duine mórthráthach; duine a d'íosfadh nó a d'ólfadh thar a cheart nó a sháith; duine a chuirfeadh ceas air fhéin leis an muinise a d'íosfadh sé; duine a dhéanfadh bolgán béice dhe fhéin le ithe nó ól.
+–
Ná déan béiceadán dhíot fhéin le na fataí sin.
Má fhaigheann na gamhna ligean ar an triosc atá thoir ansiúd, déanfaidh siad béiceadáin díobh fhéin leis.
TUILLEADH (5) ▼
Fhóbair go ndéanfainn béiceadán dhíom fhéin le ar ith mé acub: bhí mé nua acub.
Bhí sí ag ól an leanna go ndearna sí béiceadán di fhéin. Ansin shín sí siar ó chluais go rioball agus cailleadh í. Ba é an feall é, arae ba bhreá feiceálach an bhó í, agus an-bhó bhainne.
Rinne sé béiceadán de fhéin le poitín. Bhí sé ag teacht amach thrína shúile, ní áirím a mhalrait.
Shílfeá go mbeadh náire ar bhean ar bith béiceadán a dhéanamh dhi fhéin ar an gcaoi sin le ól. Bíonn caitheamh is cáineadh ar na fir, ach dheamhan leath milleáin le tabhairt dóibh agus na mná fhéin ar an gceird sin.
Tá sé in am ag do ghoile dúnadh feasta, muran leat béiceadán críochnaithe a dhéanamh dhíot fhéin le n-íosfaidh tú.
+–
Ní raibh tú ariamh fhéin nach in é an chaoi a mbeifeá — in do bhéiceadán le ól ag teacht abhaile dhuit.
Luigh sé siar ina bhéiceadán — líonta suas lenar ith sé ar a dhinnéar.
TUILLEADH (5) ▼
Ó bhí an ceaile ina bhia nua againn, leag muid air go raibh muid ina mbéiceadáin aige.
Tá sé ina bhéiceadán lena bhfuil de shaill air.
Má thiteann tú mórán eile i mbolg, beidh tú in do bhéiceadán ceart críochnaithe — má ramhraíonn nó má mhéadaíonn do bholg mórán eile, beidh tú in do bholgán béice.
'Sé a rinne an craos mór. D'fhága an fheoil ina bhéiceadán é.
Chuala mé go bhfuil tú in do bhéiceadán ag ithe mairteola ar an aimsir seo. (An t-am a raibh an mhairteoil dhá ligean amach in aisce adúradh seo)