—
deoch a óltar, nuair a cuirtear margadh i gcrích. Is le linn an bhéiréiste go h-iondamhail a "déantar díol", a's a h-íocthar "an dúthracht".
+–
Ní margadh 'bith é mara n-óltar béiréiste air.
Níor mhian leis béiréiste 'bith a sheasamh, marach gur chuir muid faoi ndeara dhó é.
TUILLEADH (11) ▼
Fuair mé mo chion de'n bhéiréiste, chomh maith le duine.
Bíonn sé ag imtheacht chomh conórach ar aontaighe, a's a chleite istigh aige is 'chuile mhargadh, a' tnúthán le béiréistí.
Bhí sé bun-shúgach de bharr béiréistí.
Ní raibh ar a' mbéiréiste, ach a' dá dheoch — ceann a sheas seisean, a's ceann muide.
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch de'n bhéiréiste a sheasamh' adeir sé. 'Glaodhfa mé fhéin geábh annsin' adeir sé, a's d'iarr sé gloine fuisce.
Is deacair le fear an Achréidh mórán béiréiste a sheasamh mara gcínne air
A' striollachas thart, a' súdaireacht le béiréistí atá sé = duine a bheadh a' fánuidheacht nó a' locadóireacht thart, ar aonach nó margadh a' forcabhás ar ól.
Chuir an béiléiste poll maith i luach a' ghamhan sílim = bhearnuigh sé go maith a bhfuair sé ar a' ngamhain, le'r ghlaoidh sé d'ól i bpáirt leis a' gceannachthóir.
Chuirfeadh sé margadh go bun an angair (amhgair) do dhuine, as ucht é a thabhairt ar a' mbéiréiste = dhéanfad sé a dhícheall rud a fhaghail ar shlad-mhargadh dhuit, ach fios a bheith aige, go bhfaigheadh sé cuireadh a dhul ag ól an bhéiréiste.
D'ól mé mo chion de chúig bhéiléiste indiu. Chuirfinn geall gurab shin rud nach ndearna tusa.
Ba 'seicín' (páipéar 10s) spurtha é, ach a raibh luach a' bhéiréiste bainte as.
Béiréiste in iontrálacha eile (3)
→
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
→
aire
Ní mór dhom duine eicínt ab uil mé a thiubhras aire do na gamhna dhom, le faitchios a n-iarrfaidhe ag ól béiréiste mé (féach "béiréiste" = deoch a óltar ar margadh a dhéanamh)
→
daor 1
Má bhíonn sé ag iarraidh thú a leanacht daor cuir faoi ndeara dhó coróin "luchpine" (luckpenny) a thabhairt duit, agus fág an béiréiste faoi fhéin