Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
béiréiste, béiléiste
ainmfhocal, firinscneach
iolra: béiréistí
deirtear béiréiste agus béiléiste, ach agus minicí béiréiste
deoch a óltar nuair a cuirtear margadh i gcrích. Is le linn an bhéiréiste go hiondúil a déantar díol agus a híocthar an dúthracht.
+
Ní margadh ar bith é mura n-óltar béiréiste air
Níor mhian leis béiréiste ar bith a sheasamh murach gur chuir muid faoi ndeara dhó é.
TUILLEADH (11) ▼
Fuair mé mo chion den bhéiréiste chomh maith le duine.
Bíonn sé ag imeacht chomh cunórach ar aontaí, agus a chleite istigh aige i chuile mhargadh, ag tnúthán le béiréistí.
Bhí sé bunshúgach de bharr béiréistí.
Ní raibh ar an mbéiréiste ach an dá dheoch — ceann a sheas seisean agus ceann muide.
'Is ar fhear díolta atá an chéad deoch den bhéiréiste a sheasamh,' adeir sé. 'Glaofaidh mé fhéin geábh ansin,' adeir sé, agus d'iarr sé gloine fuisce.
Is deacair le fear an Achréidh mórán béiréiste a sheasamh mura gcinne air
Ag streilleachas thart ag súdaireacht le béiréistí atá sé — duine a bheadh ag fánaíocht nó ag loiceadóireacht thart ar aonach nó margadh ag forcamhás ar ól
Chuir an béiléiste poll maith i luach an ghamhan sílim — bhearnaigh sé go maith a bhfuair sé ar an ngamhain le ar ghlaoigh sé d'ól i bpáirt leis an gceannaitheoir.
Chuirfeadh sé margadh go bun an angair (amhgair) do dhuine as ucht é a thabhairt ar an mbéiréiste — dhéanfadh sé a dhícheall rud a fháil ar shladmhargadh dhuit ach fios a bheith aige go bhfaigheadh sé cuireadh a dhul ag ól an bhéiréiste.
D'ól mé mo chion de chúig bhéiléiste inniu. Chuirfinn geall gurb in rud nach ndearna tusa.
Ba seicín (páipéar 10s) sportha é ach a raibh luach an bhéiréiste bainte as.

Féach freisin

aire

béiréiste in iontrálacha eile (3)

 
cora
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
 
aire
Ní mór dhom duine eicínt abuil mé a thabharfas aire do na gamhna dhom le faitíos a n-iarrfaí ag ól béiréiste mé (fc. béiréiste: deoch a óltar ar margadh a dhéanamh)
 
daor 1
Má bhíonn sé ag iarraidh thú a leanacht daor, cuir faoi ndeara dhó coróin luchpine (luckpenny) a thabhairt duit, agus fág an béiréiste faoi fhéin