Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Búilleach
puca; a bheith sáruighthe; no a' dul thar fhoghail duine.
+
Tá mé in mo bhúilleach aige = tá mé in mo phuca aige. Rud nach mbeitheá indon a dhéanta; rud a bheadh a' cinnt ort; rud a bhfuightheá do sháith go binn uaidh.
Tá mé in mo bhúilleach ag an ngarruidhe céadna. Talamh craicinn láidir é, a's tá sé an-deacair = tá sé 'cinnt orm é 'chur, mar tá gruadh na talmhana roighin, cruadh, a's ní theigheann a' láighe thríd go h-éasca.
TUILLEADH (10) ▼
Is mé atá in mo bhúilleach chríochnuighthe ag na breaclachaí céadna. Ní maith go bhféadfá iad a shiubhal, ní áirmhighim ualach a thabhairt thríob.
Tá sé in a bhúilleach ag a' gcapall siúd, arae tá sé 'cínnt air, aon-cheart a bhaint dhi, faoi'n gcarr.
Tá sé in a bhúilleach, ag feamuinn, a's é 'cínnt air freastal di = tá an oiread feamuinne aige, a's nach bhfuil sé indon í, a chuir amach, ná as a' gcladach.
Beidh mé in mo bhúilleach ag a' bhféar sin, mara n-eirighe liom fear fánaighe 'fhaghail = mara bhféada mé duine a fhaghail ar a lá páighe, cínnfe sé orm aon-chóir a chuir ar a' bhféar cheal conganta.
Tá mé in mo bhúilleach cheana le neart oibre, a's é cínnte dubh a's dubh orm freastal dá leath.
Bhí sé in a bhúilleach ag a' gcloich, ag iarraidh í 'chur isteach sa gclaidhe, a's dá mbeadh sé léithe ó shoin, ní bhainfead sé filleadh ná feacadh aisti, go dtáinic congnamh.
Is mór ab fhiú duit go bhfuair tú an méid sin fhéin congnamh, a's gan tú a bheith in do bhúilleach aige thú féin.
Tá mé in mo bhúilleach ag na caoirigh céadna 'chuile lá sa mbliadhain d'uireasbha congnamh a chuibhreochadh iad.
Mara bhfagha tú duine eicínt in éindigh leat, déanfa sé búilleach (dh)íot ag iarraidh é 'cheannsú (bromach a bhí faoi'n scuir)
Marach gur chas Dia aníos thú, bheinn in mo bhúilleach ag na cupla uan sin. Tá mé ag iarraidh breithe orra(b) le na gcoisceadh (féach "coisceadh")

Búilleach in iontrálacha eile (1)

 
ith
Bíonn faithne ailse ag ithe roimhe go deo, go mbíonn an cholainn in a búilleach as éadan aige = snuigheann sé an fheoil roimhe, go mbíonn an cholainn in a cósair cr[ó] fré chéile.