Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
búilleach
puca; a bheith sáraithe; nó ag dul thar fhoghail duine.
+
Tá mé in mo bhúilleach aige — tá mé in mo phuca aige. Rud nach mbeifeá in ann a dhéanta; rud a bheadh ag cinnt ort; rud a bhfaightheá do sháith go binn uaidh
Tá mé in mo bhúilleach ag an ngarraí céanna. Talamh craicinn láidir é agus tá sé an-deacair — tá sé ag cinnt orm é a chur mar tá grua na talúna righin, crua, agus ní théann an láí thríd go héasca
TUILLEADH (10) ▼
Is mé atá in mo bhúilleach chríochnaithe ag na breaclachaí céanna. Ní maith go bhféadfá iad a shiúl, ní áirím ualach a thabhairt thríob.
Tá sé ina bhúilleach ag an gcapall siúd, arae tá sé ag cinnt air aon cheart a bhaint dhi faoin gcarr.
Tá sé ina bhúilleach ag feamainn agus é ag cinnt air freastal di — tá an oiread feamainne aige agus nach bhfuil sé in ann í a chur amach ná as an gcladach.
Beidh mé in mo bhúilleach ag an bhféar sin mura n-éirí liom fear fánaí a fháil — mura bhféada mé duine a fháil ar a lá páí, cinnfidh sé orm aon chóir a chur ar an bhféar cheal cúnta
Tá mé in mo bhúilleach cheana le neart oibre agus é cinnte dubh is dubh orm freastal dá leath.
Bhí sé ina bhúilleach ag an gcloich ag iarraidh í a chur isteach sa gclaí agus dá mbeadh sé léithe ó shin, ní bhainfeadh sé filleadh ná feacadh aisti go dtáinig cúnamh.
Is mór ab fhiú duit go bhfuair tú an méid sin fhéin cúnamh agus gan tú a bheith in do bhúilleach aige thú féin.
Tá mé in mo bhúilleach ag na caoirigh céanna chuile lá sa mbliain d'uireasa cúnamh a chuibhreodh iad.
Mura bhfaighe tú duine eicínt in éindí leat, déanfaidh sé búilleach dhíot ag iarraidh é a cheansú (bromach a bhí faoin scoir)
Murach gur chas Dia aníos thú, bheinn in mo bhúilleach ag na cupla uan sin. Tá mé ag iarraidh breithe orthub lena gcoisceadh (fc. coisceadh)

búilleach in iontrálacha eile (1)

 
ith
Bíonn faithne ailse ag ithe roimhe go deo go mbíonn an cholainn ina búilleach as éadan aige — snoíonn sé an fheoil roimhe go mbíonn an cholainn ina cosair cró fré chéile