Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Búistiún
ainm-fhocal — firinscneach.
1.
at mór; líonadh; calcadh adhbhair i lot.
+
Tá mo chois in a búistiún le at.
Rinne an lot búistiún mór, a's níor thraoith sé go ceann seacht(mh)aine.
TUILLEADH (8) ▼
Leon mé mo láimh a's rinne sí búistiún le at.
Tá a ghlúin in a búistiún a' gabhail 'un seachtmhaine, a's níl aon-chosamhlacht traoithimh fós uirre.
Tá sí in a búistiún mar sin, le mí, a's gan adhbhar a' bith a' toidheacht aiste.
Dheamhan a dhath ariamh, adeirigh dhó, ach gur sheas sé ar chloichín ghéir annsin amuigh, a's d'at a chois go raibh sí in a búistiún.
Tá mo cheathramha in aon-bhúistiún amháin le seachtmhain, pébrí céard tá air.
Beidh sí in a búistiún mar sin go leige tú í, a's go dteaga an bracha aiste.
D'fhuiligh portán ar ucht mo láimhe, a's rinne sí búistiún chomh mór le do dhorna. Is olc an éadáil iad na portáin sin má theang(mh)uigheann siad leat chor a' bith.
An áit ar cuireadh a' t-urchar ann, d'at sé go raibh sé in a búistiún — oiread do chloiginn. Bhí sé tugtha suas do'n bhás ag na dochtúirí, ach shrian sé thríd, na dheidh sin, míle buidheachas le Dia.
2.
rud 'san an-mhéid le toirt.
+
Cé'n sórt búistiún é sin, ag imtheacht faoi t'ascaill agad? = toirt mhór ar bith.
Rinne 'tube' a 'bhicycle', búistiún mór, a's marach chomh stuama a's chuaidh mé dhi, phléascfad sí orm ar áit na mbonn.
TUILLEADH (5) ▼
Is áidhbhéil a' búistiún builg atá air, pé'rbí céard atá sé a chuir ann!
Tá búistiún de chnap faoi chnáimh a ghéill, má's bracha atá ann nó nach h-eadh.
D'fheicfeá búistiúin mhóra, mar bheadh éadtromáin, ag imtheacht ag na gasúir inGaillimh anois!
Cá'r fritheadh an búistiún mór sin nó cé'n ghna(ithe) atá dhó?
A bhúistiúin mhóir, ba chóra dhuit ciall a bheith agad, feasta choidhchin, fharrus, a bheith a' comórtas le gasúir! (gasúr a raibh méid mhaith ann, atá igceist annseo. Níor cheart dó a bheith ar an ealadhain, a's ar an ámhuilleacht chéadna a bhí ar siubhal ag páistí beaga)

Búistiún in iontrálacha eile (2)

 
bocht 1
Is bocht an láimh atá aige. Tá sí in a búistiún le at.
 
déan 1
Rinne mo láimh búistiún