búistiún
—ainmfhocal, firinscneach.
1.
at mór; líonadh; calcadh ábhair i lot.
+–
Tá mo chois ina búistiún le at.
Rinne an lot búistiún mór agus níor thraoith sé go ceann seachtaine.
TUILLEADH (8) ▼
Leon mé mo láimh agus rinne sí búistiún le at.
Tá a ghlúin ina búistiún ag gabháil chun seachtaine agus níl aon chosúlacht traoitheadh fós uirthi.
Tá sí ina búistiún mar sin le mí agus gan ábhar ar bith ag teacht aisti.
Dheamhan a dhath ariamh a d'éirigh dhó ach gur sheas sé ar chlochín ghéir ansin amuigh agus d'at a chois go raibh sí ina búistiún.
Tá mo cheathrú in aon bhúistiún amháin le seachtain, pé brí céard atá air.
Beidh sí ina búistiún mar sin go lige tú í agus go dteaga an bracha aisti.
D'fhuiligh portán ar ucht mo láimhe agus rinne sí búistiún chomh mór le do dhorna. Is olc an éadáil iad na portáin sin má theangaíonn siad leat chor ar bith.
An áit ar cuireadh an t-urchar ann, d'at sé go raibh sé ina búistiún — oiread do chloiginn. Bhí sé tugtha suas don bhás ag na dochtúirí, ach shrian sé thríd ina dhiaidh sin, míle buíochas le Dia.
2.
rud san an-mhéid le toirt.
+–
Cén sórt búistiún é sin ag imeacht faoi t'ascaill agat? — toirt mhór ar bith
Rinne tube a bhicycle búistiún mór, agus murach chomh stuama agus chuaigh mé dhi, phléascfadh sí orm ar áit na mbonn.
TUILLEADH (5) ▼
Is áibhéil an búistiún boilg atá air, pé ar bith céard atá sé a chur ann!
Tá búistiún de chnap faoi chnáimh a ghéill, más bracha atá ann nó nach ea.
D'fheicfeá búistiúin mhóra, mar a bheadh éadromáin, ag imeacht ag na gasúir i nGaillimh anois!
Cár frítheadh an búistiún mór sin nó cén ghnaithe atá dhó?
A bhúistiúin mhóir, ba chóra dhuit ciall a bheith agat feasta choíchin, tharas a bheith ag comórtas le gasúir! (gasúr a raibh méid mhaith ann atá i gceist anseo. Níor cheart dó a bheith ar an ealaín agus ar an ábhailleacht chéanna a bhí ar siúl ag páistí beaga)