Caidéiseach
—ainm-fhocal firinscneach
—
duine fiafruightheach, aighneasach nó fiosrach.
+–
Nóra: cé'n bláth atá ort. Brighid: maith go leor, slán a' caidéiseach = slán a' té a fhiafruighea(nn)s; slán a bheidheas tú. (Níor chuala mé aon-leas dhá bhaint as "caidéiseach" mar ainm-fhocal, ach in a mhacsamhail seo de chás).
Níl gar a' casaoid, slán a' caidéiseach.
TUILLEADH (6) ▼
A' breacadh liom, slán a' caidéiseach. Cé'n bláth atá ort fhéin.
Dheamhan a bhfuil dhíom ach réasúnta slán a' caidéiseach. Is maith an mhaise agad fhéin fós é, bail ó Dhia a's ó Mhuire ort.
Lag slán, slán a' caidéiseach.
Muise a' baint lá as, slán a' caidéiseach. Dheamhan a bhfuil basctha dhíot fhéin; feicthear dhom.
A' caitheamh an tsaoghail slán a' caidéiseach. Ní cás do dhuine é, an fhad's tá sé indon a dhul isteach a's amach a's a chuid 'ithe.
Dheamhan de chailleadh orm, slán a' caidéiseach. Sa meadh chéadna i gcomhnuidhe
Féach freisin
→
caidéis
Caidéiseach in iontrálacha eile (4)
→
don
Donas t'iaraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh annseo. Bhí sí ag déanamh a gnatha. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine i leabaidh dóib a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
→
dual 1
Is dual Bríd Mh. dó a bheith caidéiseach. Ní bheadh lá mairge ar Bhríd M. fiafruighe dhíot céard a bhí agad le do bhéilí