Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
caidéiseach
ainmfhocal, firinscneach
duine fiafraitheach, aighneasach nó fiosrach.
+
Nóra: cén bláth atá ort. Bríd: maith go leor, slán an caidéiseach — slán an té a fhiafraíonns; slán a bheas tú. Níor chuala mé aon leas dhá bhaint as caidéiseach mar ainmfhocal ach ina mhacasamhail seo de chás.
Níl gar an casaoid, slán an caidéiseach.
TUILLEADH (6) ▼
Ag breacadh liom, slán an caidéiseach. Cén bláth atá ort fhéin.
Dheamhan a bhfuil dhíom ach réasúnta, slán an caidéiseach. Is maith an mhaise agat fhéin fós é, bail ó Dhia agus ó Mhuire ort.
Lag slán, slán an caidéiseach.
Muise ag baint lá as, slán an caidéiseach. Dheamhan a bhfuil basctha dhíot fhéin, feictear dhom.
Ag caitheamh an tsaoil, slán an caidéiseach. Ní cás do dhuine é an fhad is tá sé in ann a dhul isteach agus amach agus a chuid a ithe.
Dheamhan de chailleadh orm, slán an caidéiseach. Sa meá chéanna i gcónaí.

Féach freisin

caidéiseach in iontrálacha eile (3)

 
fios
D'fhága mise ar bheagán fios é, théis go raibh sé an-chaidéiseach — níor inis mé tada dhó
 
don
Donas t'fhiafraí ort agus éist liom. Nach thú atá caidéiseach. Nach mór a bhaineas sé dhuit céard a bhí sí a dhéanamh anseo. Bhí sí ag déanamh a gnaithe. Baineann chuile mhíle rud do chuid de na daoine, i leaba dóibh a bheith amuigh in éadan a gcuid oibre
 
dual 1
Is dual Bríd Mh. dó a bheith caidéiseach. Ní bheadh lá mairge ar Bhríd M. fiafraí dhíot céard a bhí agat le do bhéilí