Canndáil
—ainm-fhocal, baininscneach.
—
imtheacht, fuadach, glaodhach, éiliughadh, sainnt i rud.
+–
Tá canndáil ar fheamuinn dearg ar a' saoghal seo = tá fuadach uirre; tá faire uirre; tá go leor dhá h-iarraidh.
Seo é an saoghal a bhfuil a' channdáil ar a bpoitín, dheamhan deor a shroichfeadh duit, mara mbeadh sé i bhfocal agad mí roimh an am.
TUILLEADH (3) ▼
Beidh canndáil ar shíol planndaí imbliadhna arae dheamhan gráinne dhi sa tír.
Dheamhan a raibh ag na h-iascairí ach cuid a' bheagáin, ach bhí canndáil ar a' méid sin fhéin. Sí'n eorna nuadh breac úr a fheiceál ar a' saoghal seo.
A dhearbhráthair mo chroidhe thú, tá canndáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá 'san aer, nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaedhilge sin thiar chuige a' piocadh as. Tá sé 'na ridire aca(b) le tobac a's airgead.
Canndáil in iontrálacha eile (1)
Cén fáth ar cheannuigh sí an fhoirgeach gránna sin. Ní dúil a bheadh aice canndáil a chur suas ná eile!