1.
é 'cur sneachta go trom, le stolladh gaoithe go h-áithrid.
+–
Dhá mbeadh sé a' cur na díleann a's an sneachta a bheith dhá chárnadh adtuaidh; A's le mo ghrádh dhá bhfaghainn cead síneadh, bheidhinn chomh h-aoibhinn leis an eala ar cuan (As "Diombuadh Ríogh na h-Aoine").
Tá sé a' cárnadh sneachta.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí sé a' cárnadh sneachta an oidhche chéadna as lom gaoithe 'dtuaidh.
Níor léar dhuit do láimh arae bhí an t-aer plúchtaí uileag a's é 'cárnadh sneachta.
2.
plúchtaí le carsán, giorranála réama nó a leithide; ceangailte nó calcuighthe as do phíobán.
+–
Tá sé cárnuighthe suas ar fad (Muigh Cuilinn, Achréidh) = ceangailte in a mhuineál.
Ní fhaca tú aon-duine ariamh atá chomh cárnuighthe leis ag a' gcársán, atá in a mhuineál = plúchtaí suas.
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan iongantas a' bith é sin a bheith cárnuighthe suas, a's chomh reamhar righte a's atá sé. (D)ar ndóigh níl puth dhá anáil aige, le saill.
Tá mé cárnuighthe uileag ag a' slaghdán le seachtmhain. Dhá bhféadainn na réama atá calcuighthe in mo phíobán a chuir aníos, bheidhinn ceart, ach ní fhéadaim.
Tá sé cárnuighthe uileag le giorranála. Tagann clochair ann scaithtí a's shílfeá go dtachtaidís é, 'sábhála Dia sinn!
'San am a dtagann an uair bhreagh, 'seadh is measa a bhím. Ní bhím cárnuighthe chor a' bith ar aimsir sheaca ná ar chruadhas. Ach saothruighim é i gcomhnuidhe an tráth seo 'bhliadhain.
Ó bhuail an méid sin ghiorranála mé, bíonn mo phíobán cárnuighthe leath na gcuarta. Fuair mé buidéal ó'n dochtúr air, ach dheamhan lá maitheasa a rinne sé dhom, aindeoin gur íoc mé mo leath-ghine bhuidhe air.
Is aige atá an ghna(ithe) a' reathach ó phóilíos, fear atá chomh cárnuighthe leis. Dheamhan treasna na troighe a bheadh sé, go mbeirtí air ('t' leathan i "mbeirtí").
Is beag a' dochar dhá mhuineál a bheith cárnuighthe fhéin, a's an bhís chainnte atá air, ó thosuigh an 'Election' seo. Diabhal aithne air, nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chuir isteach ar fad. Tá sé árduighthe uileag!
Féach freisin
→
carnaigh