Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ceasamhail
aidiacht
colamhail; oilteamhail; gan a bheith saillte ceart; láidir trom-chroidhtheach; a chuirfeadh ceas ort.
+
Feoil cheasamhail í an mhairt-fheoil sin = láidir, oilteamhail nó gan a bheith saillte ceart.
Is beag dhe a d'fhéadfá 'ithe 'na dheidh sin. Tá sí an-cheasamhail.
TUILLEADH (10) ▼
Bheadh ciall mairt-fheoil ach 'mairtfheoil a' dole' seo, tá sí chomh ceasamhail a's gurab é cloch-neart duine drannadh léithe.
Feoil an-cheasamhail í an mhuicfheoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mara bhfaghainn ruainne dubh, ní bhacfainn chor a' bith léithe.
Bíonn an fheoil a bhíos ar na buláin ramhruighthe sin, ro-cheasamhail. Ach creidim gur beag a' locht 'fhagha(nn)s na Sasanaigh uirre, 'na dheidh sin.
Beidh feoil an-cheasamhail ar sin, arae tá go leor saille air. Ní thaithneochadh sé liom le marbhú, ach bíodh do chomhairle fhéin aghad.
Dhá n-ithinn aon-ghreim dhi sin, chuirfeadh sí múisc orm. Tá sí ro-cheasamhail.
Tá sé an-éiseallach. Ní bhlaisfeadh sé de ghreim a' bith feola a mbeadh baladh a' bith uirre. Ach ní móide go dtagann an fheoil cheasamhail sin leis. Is iomdha duine nach dtagann.
Feicthear dhom th'éis gurb í sin feoil na h-Éireann (muicfheoil na h-Éireann) go bhfuil sí an-cheasamhail. Tá mé a' glacadh col' léithe ar fad.
Má's ceasamhail ná ceasamhail anois í, ith suas í, arae níl malrait le faghail agad.
Sin biadh ceasamhail. B'fhearr liom biadh nach mbeadh chomh h-oilteamhail sin.
Sé'n tanálach bradach é. Tá sé chomh h-éiseallach a's nach féidir a bhéilídhe a leagan chuige. Bíonn locht aige ar a' bhfeoil go mbíonn sé ro-cheasamhail, a's an t-arán go mbíonn an iomarca 'soda' ann. B'fhearr dhuit beo idtalamh ná a' freastal air.