ceasúil
—aidiacht
—
colúil; oiltiúil; gan a bheith saillte ceart; láidir tromchroíoch; a chuirfeadh ceas ort.
+–
Feoil cheasúil í an mhairteoil sin — láidir, oiltiúil nó gan a bheith saillte ceart
Is beag dhe a d'fhéadfá a ithe ina dhiaidh sin. Tá sí an-cheasúil.
TUILLEADH (10) ▼
Bheadh ciall mairteoil, ach mairteoil an dole seo, tá sí chomh ceasúil agus gurb é clochneart duine drannadh léithe.
Feoil an-cheasúil í an mhuiceoil bhán sin. Tá col agam fhéin léithe. Mura bhfaighinn ruainne dubh, ní bhacfainn chor ar bith léithe.
Bíonn an fheoil a bhíos ar na bulláin ramhraithe sin, rócheasúil. Ach creidim gur beag an locht a fhaigheanns na Sasanaigh uirthi ina dhiaidh sin.
Beidh feoil an-cheasúil air sin, arae tá go leor saille air. Ní thaitneodh sé liom le marú, ach bíodh do chomhairle fhéin agat.
Dhá n-ithinn aon ghreim dhi sin, chuirfeadh sí múisc orm. Tá sí rócheasúil.
Tá sé an-éisealach. Ní bhlaisfeadh sé de ghreim ar bith feola a mbeadh boladh ar bith uirthi. Ach ní móide go dtagann an fheoil cheasúil sin leis. Is iomaí duine nach dtagann.
Feictear dhom, théis gurb í sin feoil na hÉireann (muiceoil na hÉireann), go bhfuil sí an-cheasúil. Tá mé ag glacadh col léithe ar fad.
Más ceasúil ná ceasúil anois í, ith suas í, arae níl malrait le fáil agat.
Sin bia ceasúil. B'fhearr liom bia nach mbeadh chomh hoiltiúil sin.
'Sé an tanálach bradach é. Tá sé chomh héisealach agus nach féidir a bhéilí a leagan chuige. Bíonn locht aige ar an bhfeoil go mbíonn sé rócheasúil, agus an t-arán go mbíonn an iomarca soda ann. B'fhearr dhuit beo i dtalamh ná ag freastal air.
ceasúil in iontrálacha eile (3)
→
fiata
Tá an mhuiceoil sin breá fiata, ach bhí mairteoil ansin an lá cheana agus diabhal mé nach bhfuair mé blas ar bith uirthi. Bhí sí an-cheasúil agus an-tromchroíoch go deo