Ceisniughadh
—briathar.
—Ní mheasaim go bhfuil sé le fairrge i gConamara. Ar a shon sin, tá sé coitchiannta ar an Achréidh.
—
a' ceasacht; ag éagcaoineadh; a' fuasaoid; a' gearán; ag aireachtáil.
+–
'Raibh sé i bhfad a' ceisniughadh? = 'raibh sé i bhfad a' fuasaoid an tinnis; raibh sé i bhfad dhá aireachtáil?
Cá'ide a chaith sé a' ceisniughadh? = go dona; ag aireachtáil tinnis.
TUILLEADH (5) ▼
Miosaim go bhfuil sé a' ceisniú, maran eitinn a bheadh ag gabhail dó, ar nós an athar.
Is gearr a bhí sé a' ceisniú chor a' bith an duine bocht, gur scuab sé.
Measann tú ab í atá sé a cheisniú? (eitinn).
Dheamhan lá ó tháinic cuimne dhom, nachar chuala mé an ceann céadna a' ceisniú, a's a' leigean tinnis uirre fhéin, ach tá sí annsiúd in a ruacán caillighe fós, a's gan cosamhlacht a' bith báis uirre.
Ní fhaca tú aon-chamsrón birín ariamh, ach a bheith in' aice. Dheamhan forus a' bith a ghníonn sé ach a' ceasacht a's a' ceisniú, a's a' cur a' tighe thrídh na chéile.
+–
Tá daoine a' ceisniú go mór leis a' ngalra sin anois ("pendicitis").
Ba mhór a bhí na beithidhigh a' ceisniú leis sin, bliadhanta beaga ó shoin, ach níl cainnt a' bith anois air ("foot and mouth disease").
TUILLEADH (1) ▼
Tá na caoirigh fré chéile a' ceisniú le pochán, marab é an fliuchán atá dhá dheanamh orru.