Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
ceisneamh
briathar
ní mheasaim go bhfuil sé le farraige i gConamara. Ar a shon sin, tá sé coitianta ar an Achréidh.
ag ceasacht; ag éagaoineadh; ag fuasaoid; ag gearán; ag aireachtáil.
+
An raibh sé i bhfad ag ceisneamh? — an raibh sé i bhfad ag fuasaoid an tinnis; an raibh sé i bhfad dhá aireachtáil?
Cáide a chaith sé ag ceisneamh? — go dona; ag aireachtáil tinnis.
TUILLEADH (5) ▼
Measaim go bhfuil sé ag ceisneamh, muran eitinn a bheadh ag gabháil dó ar nós an athar.
Is gearr a bhí sé ag ceisneamh chor ar bith an duine bocht, gur scuab sé.
Measann tú ab í atá sé a cheisneamh? (eitinn)
Dheamhan lá ó tháinig cuimhne dhom, nár chuala mé an ceann céanna ag ceisneamh, agus ag ligean tinnis uirthi fhéin, ach tá sí ansiúd ina ruacán caillí fós agus gan cosúlacht ar bith báis uirthi.
Ní fhaca tú aon cham srón birín ariamh ach a bheith ina aice. Dheamhan foras ar bith a ghníonn sé ach ag ceasacht agus ag ceisneamh, agus ag cur an tí thrína chéile.
+
Tá daoine ag ceisneamh go mór leis an ngalra sin anois (pendicitis)
Ba mhór a bhí na beithígh ag ceisneamh leis sin, blianta beaga ó shin, ach níl caint ar bith anois air (foot and mouth disease)
TUILLEADH (1) ▼
Tá na caoirigh fré chéile ag ceisneamh le pochán, murab é an fliuchán atá dhá dhéanamh orthu.