Cinnceach
—ainm-fhocal, baininscneach.
—Achréidh
—
sprus-mhóin nó droch-mhóin in íochtar portaigh. Is minic nach meaththann sleaghdóirí iad fhéin léithe.
+–
Ní thiormóchadh an saoghal an chinnceach sin ar a' bhfaslach, mara dtagadh an-tsamhradh amach.
Is mór an easonóir a bheith 'baint cinncighe íochtar portaigh, arae sceiththeann sí ar fad. Dhá mbeadh sí tirm fhéin agad, deanann sí sprus chaorán, a's dheamhan mórán a bhuachanns (bhuadha(nn)s) aonduine uirre.
TUILLEADH (6) ▼
Tá'n chinnceach mhóna sin go h-olc. Ní dhóghann sí chor a' bith ach cnádadh léithe.
Dheamhan fód 'san eanach sin thíos, ach an díogha críochnuighthe. Is geall le cinnceach í fré chéile.
Tá'n breathas ar a' gcinnceach sin, le scaradh. Deanann sí sprus fré chéile, ar a' dá luath a's a mbeireann duine uirre.
Beannacht Dé dhuit, cá bhfaigheadh an chinnceach sin buaineadas a bheith innte. Bhí sé chomh maith de dhuine brosna (gabhail) cloch a chuir ar a' teine léithe.
Níl 'bounce' a' bith sa spaidealach sin. Breagh ó fuaidh sibh dhá tabhairt lib, nar thug sib móin ar foghnamh libh, seachas an chinnceach sin, nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
Tá na h-eanaigh atá annseo bog, báithte, seachas eanaigh na h-áite sin agaibhse. Má theidheann tú domhain a' bith annseo, dheamhan pioc atá ann, ach cinnceach gan aon-mhaith.