Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cinceach
ainmfhocal, baininscneach
Achréidh
sprusmhóin nó drochmhóin in íochtar portaigh. Is minic nach meathann sleádóirí iad fhéin léithe.
+
Ní thriomódh an saol an chinceach sin ar an bhfaslach mura dtagadh an-tsamhradh amach.
Is mór an easonóir a bheith ag baint cincí íochtar portaigh, arae sceitheann sí ar fad. Dhá mbeadh sí tirim fhéin agat, déanann sí spruschaorán, agus dheamhan mórán a bhuachanns (bhuanns) aon duine uirthi.
TUILLEADH (6) ▼
Tá an chinceach mhóna sin go holc. Ní dhónn sí chor ar bith ach cnádadh léithe.
Dheamhan fód san eanach sin thíos ach an díogha críochnaithe. Is geall le cinceach í fré chéile.
Tá an breathas ar an gcinceach sin le scaradh. Déanann sí sprus fré chéile ar an dá luath agus a mbeireann duine uirthi.
Beannacht Dé dhuit, cá bhfaigheadh an chinceach sin buanadas a bheith inti. Bhí sé chomh maith do dhuine brosna (gabháil) cloch a chur ar an tine léithe.
Níl bounce ar bith sa spadalach sin. Breá ó fuaidh sibh dhá tabhairt libh, nár thug sibh móin ar fónamh libh, seachas an chinceach sin nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
Tá na heanaigh atá anseo bog báite seachas eanaigh na háite sin agaibhse. Má théann tú domhain ar bith anseo, dheamhan pioc atá ann ach cinceach gan aon mhaith.