Cinnireacht
—ainm-fhocal, briathar.
—
a.
láimhseáil, ceánnsú; stiúradh.
+–
Cé bhí 'cinnireacht a' chapaill? = dá stiúradh as a cloigeann nó dá treorú.
An tusa a bhí cinnireacht?
TUILLEADH (9) ▼
Bhí B. sa gcrannóig a's í 'cinnireacht = bhí sí a' treorú an chapaill de chrannóig 'side car'.
Bhuail néal chodlata sa gcarr é, a's dheamhan duine ar bith a bhí ann leis a' gcapall a chinnireacht, a's cead aice a thoidheacht abhaile uaithe fhéin.
Dhá mbeadh aon-duine de'n rath a' cinnireacht, ní raibh aon-ghoir aice imtheacht.
Cheannuigh mé capall aniar as Conamara annseo an bhliadhain cheana, a's níor mhór duine dhá cinnireacht leis a' treabhadh idtoiseach. Ach tá sí taithighthe leis anois, a's níl go dona chor ar bith dhi.
Ab é S. fhéin a bhí 'cinnireacht an 'mhótair' = ab é a bhí a' tiomáint an ghluaisteáin?
Níl aon-ghna(ithe) ag an gcimleacháinín sin a dhul a' cinnireacht. Mara dtosuigheadh a' capall ach a' cuachaighil, leigfeadh sé sin bóthar léithe.
B'fhurasta aithinte dhaoib go n-ionntóchthaidhe an carr, a's an té a chuir sib a' cinnireacht. Is adhartha an té nach mbeadh fhios aige, nach raibh gnaithe in éadan capaill ag an leoiste sin.
Má eirigheann sí goirgeach ná gártha chor a' bith, is olc a' strúiméad (stróiméad, stráiméad) é sin a' cinnireacht capaill.
Shílfeá go raibh sé 'cínnt air an t-asal a chinnireacht a' teacht de'n phortach trathnóna. Ach ní gan anró na h-asail chéadna a chinnireacht, má bhuaileann aon-rachmall iad.
+–
Is deacair 'parasól' a chinnireacht lá garbh. = is deacair 'parasól' a láimhseail nó a choinneál as do chionn fhéin.
Ceadh nach bhfuil tú indon an 'bicycle' a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am aghad a bheith indon ceart a bhaint dhe feasta.
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór do dhuine a bheith stuamdha le ball mar sin a chinnireacht (Rothar gluaiste).
'Mbeadh fhios aghad faoi neamh nó néal, cé'n chóir a bhfuil siad indon na 'h-aeroplanes' sin a chinnireacht chor a' bith san aer. Shílfeá go mbadh deacair dóib é lá gála go h-áithrid, ach deir siad dheamhan cailm a bhío(nn)s orra(b) ach an oiread le lá ar bith.
Tá ealadhain ar an iongás sin a chinnireacht aníos ar a' mballa (fear i dteasbantas a theigheadh aníos balla ar ghluais-rothar).
Shílfeá go mbadh deacair dóib (do na mná) na hataí coirricíneacha sin a chinnireacht chor a' bith, dhá mbeadh farradh 'bith ann.
Dheamhan 'scil' a bith a gheobhfadh fear na tíre seo, cé'n chóir a mbíonn siad indon a' seol a chinnireacht chor a' bith ar fheochan. 'Ach is namhaid an cheird gan í 'fhoghluim', mar adeir an té adubhairt é.
b.
treoruidheacht; ceannús ceann; urlámh á ghlacadh, comhairliú, smachtú.
+–
Níl siad a' faghail aon-chinnireacht ó'n té is córa dhóib é fhaghail uaidh, a's gan é 'fhaghail uaimse = comhairliú, smachtú. Níl a n-athair a' tabhairt aon-chomhairle dóib ó's dó is córa.
Mara bhfuil de chinnireacht orra(b) muise, ach a ndéanfa Mac Th. Uí Mh. orra(b), eirighidís as, arae ní dhéanfa siad aon-ghna(ithe) = urlámh, ceannús ceann, treoruidheacht, comhairle.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé mór agamsa a dhul a' cinnireacht daoine, fear atá ar bheagán scoil' a's foghluime, a's nach ndeacha níos faide ó bhaile ná Gaillimh ariamh.
Níl sé siúd indon cinnireacht a' bith a dhéanamh ar scoláirí, an súm sám bradach!
c.
giollacht, biadhtachas, ceannsacht.
+–
Fuair sé cinnireacht mhaith = oileamhaint, tógáil, biadhtachas, tabhairt-suas.
Ní bhfuair an laogh sin thiar aon-chinnireacht uaib, agus is furast' aithinte air fhéin nach bhfuair. Nach bhfuil an dá ghoramhan chomh caol, chomh caithte aige, a's 'bheadh goramhnaí con.
TUILLEADH (8) ▼
Is furast aithinte an beithidheach a gheobhfas deagh-chinnireacht = deagh-cheannsacht.
Ní bhfuair sé aon-chinnireacht as tús 'óige, a's tá a shéala air anois.
Níl sliocht na beatha air, arae ní fhaghann sé aon-chinnireacht mar is ceart uaidh. Má's leis é siúd a chur 'na n-aonaigh go goirid, ní mór dhó ordú a chuir air, nó fágfaidhear aige fhéin é.
Má tá sé a' faghail cinnireacht' chomh maith sin, is mór a' t-iongnadh, nach mbeadh slacht a chodach air. In a leaba sin, is geall le leath-deire cait an giall atá air.
Is beag a' dochar do na muca sin a bheith ramhar beaithte fhéin arae fuair siad togha na cinnireachta ó'n lá ar ceannuigheadh iad.
Tá sé an-mheirbh (uan óg), ach le cinnireacht a's aire srianfa sé thríd.
Is olc a' chinnireacht a fuair a' créatúr. Fágadh in a dhílleachta an-óg é, a's dheamhan mórán áird' a thug muinntear na sean-mháthar air, rud nach milleán orra(b), a's an cluithche a bhí aca(b) fhéin ann.
Dhá bhfaghad sé aon-chinnireacht a rath, shrianfadh sé thríd an tinneas.
Cinnireacht in iontrálacha eile (10)
→
faitíos
Fainic a mbeadh aon-fhaitíos ag an gcapall sin roimh an "steam-roller". Mara bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
→
béalóg
'Sé Seán ar ndó' a bhí ar béalóg. D'eile! (D)ar ndó' ní indon í a chinnireacht atá an scraiste eile.
→
coiric
Shílfeá go mbadh deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor a' bith lá gála a's na coirriceachaí atá asta(b).
→
beo 1
Dheamhan laogh beo is fhearr a fuair cinnireacht ná'n laogh sin, a's má seadh fhéin, is beag (dh)e smais atá air.
Is an-ughdar í sin. 'Bhfeiceann tú chomh brúideamhlach beathuighthe a's atá sí, scáth a bhfuil sí 'fhaghail de chinnireacht (Budóg nach raibh 'fághail mórán beatha).
→
feacht
Ní raibh aon-ghoir aige an bád a cheannsú. Rug feacht agus tuile rabharta in éindigh air. Níorbh fhuláir bádóir thar cionn len a cinnireacht mar bhí an-tarraint mhór ann.
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meádha a bheadh sé, nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl áird ar bith ar na scéalta sin anois
→
forbhás
Bhí formhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí indon a chinnireacht agus an farradh a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
→
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill in a ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil, ní raibh agham féin, go raibh sé ingreim muiníl ionnam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Marach sin dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí fabhairt in a shúil a mhic ó mo chroidhe thú. Is maith an scéal gur beag é a dhicheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baoghal air