Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cinnireacht
ainmfhocal, briathar
a.
láimhseáil, ceansú; stiúradh.
+
Cé bhí ag cinnireacht an chapaill? — dá stiúradh as a cloigeann nó dá treorú.
An tusa a bhí ag cinnireacht?
TUILLEADH (9) ▼
Bhí B. sa gcrannóig agus í ag cinnireacht — bhí sí ag treorú an chapaill de chrannóig side car
Bhuail néal chodlata sa gcarr é agus dheamhan duine ar bith a bhí ann leis an gcapall a chinnireacht, agus cead aici a theacht abhaile uaithi fhéin.
Dhá mbeadh aon duine den rath ag cinnireacht, ní raibh aon ghair aici imeacht.
Cheannaigh mé capall aniar as Conamara anseo an bhliain cheana, agus níor mhór duine dhá cinnireacht leis an treabhadh i dtosach. Ach tá sí taithithe leis anois, agus níl go dona chor ar bith dhi.
Ab é S. fhéin a bhí ag cinnireacht an 'mhótair' — ab é a bhí ag tiomáint an ghluaisteáin?
Níl aon ghnaithe ag an gcuimleacháinín sin a dhul ag cinnireacht. Mura dtosaíodh an capall ach ag cuachaíl, ligfeadh sé sin bóthar léithe
B'fhurasta a aithinte dhaoibh go n-iontófaí an carr agus an té a chuir sibh ag cinnireacht. Is adhartha an té nach mbeadh a fhios aige nach raibh gnaithe in éadan capaill ag an leoiste sin
Má éiríonn sí gairgeach ná gártha chor ar bith, is olc an strúiméad (straméad) é sin ag cinnireacht capaill.
Shílfeá go raibh sé ag cinnt air an t-asal a chinnireacht ag teacht den phortach tráthnóna. Ach ní gan anró na hasail chéanna a chinnireacht, má bhuaileann aon rachmall iad.
+
Is deacair parasól a chinnireacht lá garbh. — is deacair parasól a láimhseail nó a choinneáil os do chionn fhéin
Ceadh nach bhfuil tú in ann an bicycle a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am agat a bheith in ann ceart a bhaint dhe feasta.
TUILLEADH (5) ▼
Níor mhór do dhuine a bheith stuama le ball mar sin a chinnireacht (rothar gluaiste)
An mbeadh a fhios agat faoi neamh nó néal, cén chóir a bhfuil siad in ann na haeroplanes sin a chinnireacht chor ar bith san aer. Shílfeá go mba deacair dóibh é lá gála go háirid, ach deir siad dheamhan cailm a bhíonns orthub ach an oiread le lá ar bith.
Tá ealaín ar an ioncás sin a chinnireacht aníos ar an mballa (fear i dtaispeántas a théadh aníos balla ar ghluaisrothar)
Shílfeá go mba deacair dóibh (do na mná) na hataí coiricíneacha sin a chinnireacht chor ar bith dhá mbeadh farra ar bith ann.
Dheamhan scil ar bith a gheobhadh fear na tíre seo cén chóir a mbíonn siad in ann an seol a chinnireacht chor ar bith ar fheochan. Ach is namhaid an cheird gan í fhoghlaim,' mar adeir an té adúirt é.
b.
treoraíocht; ceannús ceann; urlámh á ghlacadh, comhairliú, smachtú.
+
Níl siad ag fáil aon chinnireacht ón té is córa dhóibh é fháil uaidh, agus gan é a fháil uaimse — comhairliú, smachtú. Níl a n-athair ag tabhairt aon chomhairle dóibh ós dó is córa.
Mura bhfuil de chinnireacht orthub muise, ach a ndéanfaidh Mac Th. Uí Mh. orthub, éirídís as, arae ní dhéanfaidh siad aon ghnaithe — urlámh, ceannús ceann, treoraíocht, comhairle.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé mór agamsa a dhul ag cinnireacht daoine, fear atá ar bheagán scoile agus foghlama, agus nach ndeachaigh níos faide ó bhaile ná Gaillimh ariamh.
Níl sé siúd in ann cinnireacht ar bith a dhéanamh ar scoláirí, an súm sám bradach!
c.
giollacht, biatachas, ceansacht.
+
Fuair sé cinnireacht mhaith — oiliúint, tógáil, biatachas, tabhairt suas.
Ní bhfuair an lao sin thiar aon chinnireacht uaibh, agus is furasta a aithinte air fhéin nach bhfuair. Nach bhfuil an dá ghorún chomh caol, chomh caite aige, agus a bheadh gorúnaí con.
TUILLEADH (8) ▼
Is furasta a aithinte an beithíoch a gheobhas dea-chinnireacht — dea-cheansacht
Ní bhfuair sé aon chinnireacht as tús a óige agus tá a shéala air anois
Níl sliocht na beatha air, arae ní fhaigheann sé aon chinnireacht mar is ceart uaidh. Más leis é siúd a chur 'na aonaigh go gairid, ní mór dhó ordú a chur air, nó fágfar aige fhéin é
Má tá sé ag fáil cinnireachta chomh maith sin, is mór an t-ionadh nach mbeadh slacht a chodach air. Ina leaba sin, is geall le leath deiridh cait an giall atá air.
Is beag an dochar do na muca sin a bheith ramhar beaite fhéin arae fuair siad togha na cinnireachta ón lá ar ceannaíodh iad.
Tá sé an-mheirbh (uan óg), ach le cinnireacht agus aire srianfaidh sé thríd.
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
Dhá bhfaigheadh sé aon chinnireacht a rath, shrianfadh sé thríd an tinneas.

cinnireacht in iontrálacha eile (10)

 
Fainic a mbeadh aon fhaitíos ag an gcapall sin roimh an steamroller. Mura bhfaca sí ariamh í, b'fhearr dhuit duine eile a thabhairt leat dhá cinnireacht thairti
 
'Sé Seán ar ndóigh a bhí ar béalóg. Deile! Ar ndóigh ní in ann í a chinnireacht atá an scraiste eile.
 
coiric
Shílfeá go mba deacair do na mná na hataí sin a chinnireacht chor ar bith lá gála agus na coiriceachaí atá astub.
 
beo 1
Dheamhan lao beo is fhearr a fuair cinnireacht ná an lao sin, agus más ea fhéin, is beag a smais atá air.
 
Murach an chinnireacht a fuair sé, bhreofadh sé.
 
Is an-údar í sin. An bhfeiceann tú chomh brúidiúlach beathaithe agus atá sí, scáth a bhfuil sí a fháil de chinnireacht (Bodóg nach raibh ag fáil mórán beatha)
 
feacht
Ní raibh aon ghair aige an bád a cheansú. Rug feacht agus tuile rabharta in éindí air. Níorbh fholáir bádóir thar cionn lena cinnireacht mar bhí an-tarraingt mhór ann.
 
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meá a bheadh sé nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl aird ar bith ar na scéalta sin anois
 
Bhí forbhás ar an haitín ar a ceann mar sin. B'iontas é go raibh sí in ann a chinnireacht agus an farra a bhí ann. Sin é an faisiún chreidim
 
dairt
T. Sh. a bhí bonn ar aon leis, a bhuail de dhairt é. Bhí mé féin ag cinnireacht an chapaill ina ndiaidh aniar. Fios rúin ná soiscéil ní raibh agam féin, go raibh sé i ngreim muiníl ionam. An faitíos is mó a bhí orm go scéinfeadh an capall. Murach sin, dheamhan ar mhiste liomsa dhá mbeadh sé ag míoladóireacht go maidin liom. Bhí foghairt ina shúil a mhic ó mo chroí thú. Is maith an scéal gur beag é a dhícheall. Ná bac le go gcreidfeadh sé nach mise a chaith an dairt. Ba bheag an baol air