Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cionfaillí
+
Leig sé cionfaillí sna "reins", agus thuit an capall = leig sé buille marbh sna "reins"; níor choinnigh sé sách rite iad
Seachain an leigfeá cionfaillí ar bith anois in do chuid oibre go dtige mise aríst = faillí ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Má chaill tú an cluiche sin, sé do chionfaillí fhéin é. Chonnaic tú go raibh mise feidhearha. Ní raibh mé indon cúig mo láimhe dhéanta a thógáil. Bhí agadsa an bhainríon a chur faoi Ph. agus an chuileata a lomadh
Tá sé ar chúl a chinn in aspuicil (oispidéal) annsiúd thíos anois len a chionfaillí fhéin. An oíche ba mheasa a shéid as aer, ní choinneódh fear agus píce istigh é, dhá mbeadh aon-dhamsa as seo go B. R. Tá luach na ndamhsaí aige anois: é tolgha le eitinn
Má tá sé ag cinnt orm freastal do mo chuid oibre indomhnach ní le cionfaillí ar bith é. Is deacair d'aon aonraic breith ar 'chuile chruadhóig. Is furasta d'fhear a bhfuil lán tí aige a bheith as cionn a chuid oibre go maith (í a bheith déanta aige go tráthúil)