Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cionfaillí
+
Lig sé cionfaillí sna reins agus thit an capall — lig sé buille marbh sna reins; níor choinnigh sé sách rite iad
Seachain an ligfeá cionfaillí ar bith anois in do chuid oibre go dtige mise aríst — faillí ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Má chaill tú an cluiche sin, sé do chionfaillí fhéin é. Chonaic tú go raibh mise feidheartha. Ní raibh mé in ann cúig mo láimhe dhéanta a thógáil. Bhí agatsa an bhanríon a chur faoi Ph. agus an chuileata a lomadh
Tá sé ar chúl a chinn in easpaicil (ospidéal) ansiúd thíos anois lena chionfaillí fhéin. An oíche ba mheasa a shéid as aer, ní choinneodh fear agus píce istigh é dhá mbeadh aon dhamhsa as seo go B. R. Tá luach na ndamhsaí aige anois: é tolgtha le eitinn
Má tá sé ag cinnt orm freastal do mo chuid oibre, i nDomhnach ní le cionfaillí ar bith é. Is deacair d'aon aonraic breith ar chuile chruóig. Is furasta d'fhear a bhfuil lán tí aige a bheith os cionn a chuid oibre go maith (í a bheith déanta aige go tráthúil)