Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Claon-fheachaint
ainm-fhocal; baininscneach
foghar claon-fhiachaint
fiaradh 'sna súile nó 'san amharc; an t-amharc a bheith ionntuighthe amach; radharc cam; amharc leath-taobhach; an t-amharc a bheith cruinnighthe.
+
Tá claon-fheachaint ann.
Is mór a' mío-shlacht air a bhfuil de chlaon-fheachaint ann.
TUILLEADH (14) ▼
Tá claon-fhéachaint i leath-shúil leis — an ceann deas sílim — ach tá'n tsúil eile ceart.
Is mór a' babhta uirre an méid sin claon-fhéachainte, arae badh bhreagh an bhean a bheadh innte, marach é.
Tá claon-fheachaint ann, a's gealacán na súl le feiceál ar fad slán a' tsamhail.
Dheamhan uireasbha amharc a' bith air, ach go bhfuil claon-fheachaint bheag ann.
Deir siad gurab é an t-ughdar atá le claon-fheachaint a theacht i bpáistí, má bhíonn siad i gcliabhán, in áit a mbeadh an ghrian a' teacht leathtaobhach orra(b). Baineann an solus stangadh as na súile. Ach dheamhan's móide a bhfuil sa méid sin, ach comhrádh daoine.
Feicthear dhom nar thug Nóirín an chlaon-fheachaint ó bhroínn léithe. Chonnaic mise í, a's í 'na naoidheanán, a's níor thug mé faoi deara aon-chlaon-fheachaint a bheith innte. Ach ní móide go mbeadh aon-tsunntas le tabhairt dó, i naoidheanán mar sin.
Is furasta 'aithinte duit é — fear na claon-fheachainte!
Dhá bhfaghadh sí spéacláirí, ní bheadh an chlaon-fheachaint chomh feiceálach a's tá sí.
Shílfeá slán a' tsamhail, leis a' gclaon-fhéachaint atá i leath-shúil léithe, nach h-iad súile a chéile chor ar bith iad.
Nuair a bheadh sé a' breathnú, shílfeá gur a' breathnú indiaidh leath-taoibhe a bheadh sé, leis a' gclaon-fhéachaint atá ann.
Nar agruighe Dia orraibh é, 'bheith 'déanamh grinn faoi! Cé'n neart atá aige air, má tá claon-fheachaint fhéin ann? Nach shin é gnaithí Dé
Ní a' baint fogha ná easba as é, tá an-chlaon-fhéachaint ann. Measaim go bhfuil éalang eicínt aige ar an amharc fhairis sin fhéin.
Nar thuga Dia dhi níos fhearr é muis má d'eitigh sí é, ingeall ar a' méidín sin claon-fheachainte 'bheith ann! Dheamhan a' sásóchadh a' saoghal cuid de na daoine.
Mícheál na claon-fheachainte siúd atá ag P. a bhí dhá innsean dom.