Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
claonfhéachaint
ainmfhocal, baininscneach
foghar claonfhiachaint
fiaradh sna súile nó san amharc; an t-amharc a bheith iontaithe amach; radharc cam; amharc leataobhach; an t-amharc a bheith cruinnithe.
+
Tá claonfhéachaint ann.
Is mór an míshlacht air a bhfuil de chlaonfhéachaint ann.
TUILLEADH (14) ▼
Tá claonfhéachaint i leathshúil leis — an ceann deas sílim — ach tá an tsúil eile ceart.
Is mór an babhta uirthi an méid sin claonfhéachainte, arae ba bhreá an bhean a bheadh inti murach é.
Tá claonfhéachaint ann, agus gealacán na súl le feiceáil ar fad slán an tsamhail.
Dheamhan uireasa amharc ar bith air ach go bhfuil claonfhéachaint bheag ann.
Deir siad gurb é an t-údar atá le claonfhéachaint a theacht i bpáistí, má bhíonn siad i gcliabhán an áit a mbeadh an ghrian ag teacht leataobhach orthub. Baineann an solas stangadh as na súile. Ach dheamhan is móide a bhfuil sa méid sin ach comhrá daoine.
Feictear dhom nár thug Nóirín an chlaonfhéachaint ó bhroinn léithe. Chonaic mise í, agus í ina naíonán, agus níor thug mé faoi deara aon chlaonfhéachaint a bheith inti. Ach ní móide go mbeadh aon tsuntas le tabhairt dó i naíonán mar sin.
Is furasta a aithinte duit é — fear na claonfhéachainte!
Dhá bhfaigheadh sí spéacláirí, ní bheadh an chlaonfhéachaint chomh feiceálach agus atá sí.
Shílfeá, slán an tsamhail, leis an gclaonfhéachaint atá i leathshúil léithe, nach iad súile a chéile chor ar bith iad.
Nuair a bheadh sé ag breathnú, shílfeá gur ag breathnú i ndiaidh leataoibhe a bheadh sé leis an gclaonfhéachaint atá ann.
Nár agraí Dia oraibh é a bheith ag déanamh grinn faoi! Cén neart atá aige air má tá claonfhéachaint fhéin ann? Nach in é gnaithí Dé
Ní ag baint fogha ná easpa as é, tá an-chlaonfhéachaint ann. Measaim go bhfuil éalang eicínt aige ar an amharc thairis sin fhéin.
Nár thuga Dia dhi níos fhearr é muis, má d'eitigh sí é i ngeall ar an méidín sin claonfhéachainte a bheith ann! Dheamhan a sásódh an saol cuid de na daoine.
Mícheál na claonfhéachainte siúd atá ag P. a bhí dhá insin dom.

claonfhéachaint in iontrálacha eile (4)

 
fogha
Níor tháinig aon fhear ariamh dá hiarraidh sin nach raibh fogha is easpa bainte aici as. Bheadh sé rómhór nó róbheag; bheadh claonfhéachaint ann, nó mant, nó bheadh locht eicínt aici air i gcónaí. Bhí a shliocht uirthi: fágadh ansiúd ar a tóin í gan fear ar bith. Tá sí ina cailleachín anois
 
diaidh
An bhfuil a fhios agat an fear sin thuas ag T. Mh.: an luisneachán mór sin a bhfuil an chlaonfhéachaint ann agus a bhíos i gcónaí ag breathnú i ndiaidh a leicinn ort. Chreidim nach bhfuil aon neart aige air sin, gurb í an chlaonfhéachaint is ciontaí leis. Súile corr caimín a bhaist P. Ú. air: mar dhóigh dhe go bhfuil a shúile mar a bheadh maide corr caimín ann. Diabhal mé gur duine fáilí é sin, agus nach gcreidfeá ach chomh gnaíúil agus atá sé le duine ar bith a mbeadh aon bheann aige air
 
dubh 2
Dhá mbreathnaíteá grinn air, déarfá go bhfuil dubh na hiongan de chlaonfhéachaint ann. 'Sé a bhfuil ann é, ach thabharfá faoi deara ina dhiaidh sin é. Is mór a chuireas claonfhéachaint duine as a shlacht
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é