Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Clifeartach (cleithbheartach?)
ainm-fhocal, firinscneach.
Uimhir iolraidh a's tuiseal gein. aonda — clifeartaigh.
cleathaire; cleith mhór sínte ascardha d'fhear. Is iondamhail é bheith gan aon déantús maitheasa.
+
Is diabhluidhe an clifeartach d'fhear é.
Tá clifeartach de mhac mhór aige — bail ó Dhia a's ó Mhuire air! — a's bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraghthachaí sin.
TUILLEADH (13) ▼
Sin é an clifeartach atá mór aghad!
Dhá gcuirtheá slat ar pharráiste, ní bhfuightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna(bh) Éireann ann, a's chomh mór a's tá sé.
Clifeartach gan déantús maitheasa a' bith é sin — seadh sin.
Ní cheal méide atá ar a' gclifeartach, dhá mbeadh a' cur leis ann: ach níl.
InDomhnach b'fhéidir go mb'fhearr faoi dhó deoruidhe beag bídeach ná clifeartach mór, mar é sin. Ní méid a dhéana(nn)s maith chor a' bith, ach a' cruadhas atá sa duine.
Chonnaic mé annsin thiar é — M. Sh. G. Dheamhan oiread do dhorna a bhí ann, a's ina dheidh sin, ní fhágfad sé aon-chlifeartach dhá mhéid sa tír, nach dtiubharfadh sé talamh dhó. Ní raibh ordlach bacaird ann ach iarann = bhí sé chomh cruadh leis an iarann. Aindeoin nach raibh méid a' bith ann, ní bheadh mairg a' bith air cleathaire mór millteach a leagan.
Clifeartach gan mhaith gan mhaoin é sin. Ní thóigfeadh sé an teine de do chois.
Clifeartaigh móra millteacha 'chuile dhuine de'n dream sin.
Is dual dó sin a bheith mór, ascardha. Ba diabhaltaidhe an clifeartach d'fhear é 'athair fhéin, 'ndéana Dia grásta air.
Is beag a' ghna(ithe) atá aige a dhul i dtréim leis a' gclifeartach siúd. Dhéanfad sé cuailín cnámh dhó d'aon-iarraidh amháin.
Déanfa sé sin an-chlifeartach fir, má mhaireann dó.
Dhonóchadh a' clifeartach sin duine gan aireachtáil, a's ní fhanann misneach a' bith aige, má ionnsuigheann duine de shinneán é.
Is furast' aithinte dhuit é — clifeartach mór fíonn-ruadh, a's cineál tarraingte ann.

Clifeartach in iontrálacha eile (1)

 
bior
Is geall le bior próiste é — clifeartach (cleithbheart-ach?) mór árd caol.