Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
clifeartach
ainmfhocal, firinscneach
uimhir iolra agus tuiseal ginideach aonta: clifeartaigh
cleathaire; cleith mhór sínte oscartha d'fhear. Is iondúil é bheith gan aon déantús maitheasa.
+
Is diabhlaí an clifeartach d'fhear é.
Tá clifeartach de mhac mhór aige — bail ó Dhia agus ó Mhuire air! — agus bhuailfeadh sé a cheann thuas ar na fraitheachaí sin.
TUILLEADH (13) ▼
Sin é an clifeartach atá mór agat!
Dhá gcuirtheá slat ar pharóiste, ní bhfaightheá a leithide de chlifeartach sa méid sin. Tá féith ó na Fianna Éireann ann agus chomh mór agus atá sé.
Clifeartach gan déantús maitheasa ar bith é sin — sea sin.
Ní cheal méide atá ar an gclifeartach, dhá mbeadh an cur leis ann: ach níl.
I nDomhnach, b'fhéidir go mb'fhearr faoi dhó deoraí beag bídeach ná clifeartach mór, mar é sin. Ní méid a dhéananns maith chor ar bith, ach an cruas atá sa duine.
Chonaic mé ansin thiar é — M. Sh. G. Dheamhan oiread do dhorna a bhí ann, agus ina dhiaidh sin, ní fhágfadh sé aon chlifeartach dhá mhéid sa tír nach dtabharfadh sé talamh dhó. Ní raibh orlach bacairt ann ach iarann — bhí sé chomh crua leis an iarann. Ainneoin nach raibh méid ar bith ann, ní bheadh mairg ar bith air cleathaire mór millteach a leagan.
Clifeartach gan mhaith gan mhaoin é sin. Ní thógfadh sé an tine de do chois.
Clifeartaigh móra millteacha chuile dhuine den dream sin.
Is dual dó sin a bheith mór oscartha. Ba diabhaltaí an clifeartach d'fhear é a athair fhéin, go ndéana Dia grásta air.
Is beag an ghnaithe atá aige a dhul ag dréim leis an gclifeartach siúd. Dhéanfadh sé cuailín cnámh dhó d'aon iarraidh amháin.
Déanfaidh sé sin an-chlifeartach fir má mhaireann dó.
Dhonódh an clifeartach sin duine gan aireachtáil, agus ní fhanann misneach ar bith aige má ionsaíonn duine de shoinneán é.
Is furasta a aithinte dhuit é — clifeartach mór fionnrua agus cineál tarraingte ann.