—
bean bheathuighthe, bhog, gan mórán stuaim ná guis; fear nó páiste mío-stuamdha, ciotach; ciotachán; dallarán; cloigneachán (ar mhná is minicí a tugtar é, d'aile).
+–
Céard tá tú 'dhéanamh annsin a chloigis!
Droch-chríoch ort a chloigis bhradaigh, maran tú 'chuir an bhail ort fhéin!
TUILLEADH (11) ▼
Furast' aithinte gur beag a' stuaim ná'n gus thú a chloigis!
Glan leat as sin a chloigis, a's ná bí do mo shárú le do chuid seafóide.
Céard a thug suas annsin thú, a chloigis!
Nach hé an chloigis mhío-stuamdha é 'cur an tighe thrídh lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orra(b) nar dóghadh fré chéile é gan aireachtáil.
Níor mhinic leis an slacht a dhéanamh, an chloigis.
D'eile céard a dhéanfadh sí an chloigis, ach na fataí a bhí curtha de leithrigh l'aghaidh an tsuipéir agam, a thabhairt do na laoghannta! Dheamhan meabhair a' bith fanta innte sin le goirid.
Ní fheicfeá an oiread cloigiseachaí cruinn ab uil a chéile, dhá gcuirtheá slat chruínn (chrainn?) ar Éirinn a's bhí thiar ann, indé.
Céard a chas an chloigis sin in do chomhluadar?
Is beag a' mhaith a bheith 'cur chomhairle ar a' gcloigis sin. Dhá gcaithteá do theanga léithe, badh é an cás amháin duit é. Dheamhan mórán a dhéanfas sí choidhchin faoi shlacht, tá faitchíos orm.
Bagair ar a' gcloigis d'asal sin amuigh, nó déanfa sé steigearás de'n phota.
Fainic do chois thinn ar a' gcloigis sin, nó b'fhéidir gurab é an chaoi a seasfadh sé uirre.