Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cloigis
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cloigiseachaí
bean bheathaithe, bhog, gan mórán stuaim ná guis; fear nó páiste místuama, ciotach; ciotachán; dallarán; cloigneachán (ar mhná is minicí a tugtar é, deile).
+
Céard atá tú a dhéanamh ansin a chloigis!
Droch-chríoch ort a chloigis bhradaigh, muran tú a chuir an bhail ort fhéin!
TUILLEADH (11) ▼
Furasta a aithinte gur beag an stuaim ná an gus thú a chloigis!
Glan leat as sin a chloigis, agus ná bí do mo shárú le do chuid seafóide.
Céard a thug suas ansin thú, a chloigis!
Nach é an chloigis mhístuama é ag cur an tí thrí lasadh. Is maith an t-ádh a bhí orthub nár dódh fré chéile é gan aireachtáil.
Níor mhinic leis an slacht a dhéanamh, an chloigis.
Deile céard a dhéanfadh sí an chloigis, ach na fataí a bhí curtha de leithrigh le aghaidh an tsuipéir agam a thabhairt do na laonta! Dheamhan meabhair ar bith fanta inti sin le gairid.
Ní fheicfeá an oiread cloigiseachaí cruinn abuil a chéile dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn agus a bhí thiar ann inné.
Céard a chas an chloigis sin in do chomhluadar?
Is beag an mhaith a bheith ag cur chomhairle ar an gcloigis sin. Dhá gcaiteá do theanga léithe, ba aon chás amháin duit é. Dheamhan mórán a dhéanfas sí choíchin faoi shlacht, tá faitíos orm.
Bagair ar an gcloigis d'asal sin amuigh, nó déanfaidh sé steigearás den phota.
Fainic do chois thinn ar an gcloigis sin nó b'fhéidir gurb é an chaoi a seasfadh sé uirthi.