Clársach (cláirseach?)
—ainm-fhocal, baininscneach
—Leathnuighthear rs caol mar seo igCois-Fhairrge
1.
gléas ceoil.
2.
clóiste; cláistéar; rud mór leathan mío-chumta (ní mór do'n rud a bheith leathan go h-áithrid).
+–
Nach hí an chlársach d'iomaire í! = ceapach mór leathan d'iomair[e.]
Tá cion tighe idir 'chaon bhord dhíob. Deamhan bréag ó chuaidh sé a' leagan amach iomrachaí ann, nach hé a rinne na clársachaí fada fairsing'
TUILLEADH (9) ▼
Tá clársach mhór d'iomaire oinniún annsin thiar aige, nar bhain sé fós.
Chaith sé amach clársach de smugairle.
Bhí 'chaon chlársach de smugairle dhár chaith sé amach ar an teallach annsin an oidhche cheana, chomh mór, a's go bhféadfá a dhul ar snámh ionnta(b).
Díol cam ort, le áit do chlársach de smugairle a chaitheamh anuas ar ucht mo choise!
Is geall le dhul ar a' gclársach d'fhiacail siúd aige, do sceallóigín tobac. Ní dhéanfadh sé cangailt amháin dó. (duine a mbíodh cangailt thobac thuas go síorruidhe aige).
Ba mhór a' slacht uirre dhá dtarraingeadh sí an chlársach mór siúd atá sa drad uachtair aice.
Tá clársach mhór coise uirre, a's d'aithneochthá a lorg in áit a' bith.
Mar gcuire tú tosach ar a' gclársach de bhróig sin agad, is gearr go mbí do chois ar a' talamh.
Diabhal a leithide de chlársach de chruaich! Shílfeá dhá dteighthí dhá déanamh d'aon uaim nach bhféadfaidhe leathnóg mar sin a dhéanamh di.
3.
leathnóg (ní tugtar "clársach" ar fhear leathan, aindeoin gur ainm coitcheannta ar bhean é).
+–
Is diabhaltaidhe an chlársach de bhean í, baile ó Dhia a's ó Mhuire uirre! = bean mhór leathan.
Má's reanglamán é fhéin, níl a' bhean mar sin. 'Sí an chlársach í!
TUILLEADH (4) ▼
A chlársach bhradach, breagh nach leigeann tú dhom?
Tá nimh craithte air, a's ní taise do'n chlársach is bean dó é, ach an oiread.
M'anam nar shuadh an t-oisbidéal mórán í. 'Sí an chlársach chéadna i gcomhnuidhe í.
Bhí clársach de chailligh mhóir gróigthe sa gclúid ar m'aghaidh, a's 'chaon osna aice. Shílfeá gurb uirre a bhí anshógh an tsaoghail, a's chloisfeadh sí an dubhán alla a' corruighe 'na dheidh sin.