Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cláirseach
ainmfhocal, baininscneach
leathnaítear rs caol mar seo i gCois Fharraige
1.
gléas ceoil.
2.
clóiste; cláistéar; rud mór leathan míchumtha (ní mór don rud a bheith leathan go háirid).
+
Nach í an chláirseach d'iomaire í! — ceapach mór leathan d'iomaire.
Tá cion tí idir chaon bhord dhíobh. Deamhan bréag ó chuaigh sé ag leagan amach iomrachaí ann, nach é a rinne na cláirseachaí fada fairsinge
TUILLEADH (9) ▼
Tá cláirseach mhór d'iomaire oinniún ansin thiar aige nár bhain sé fós.
Chaith sé amach cláirseach de smugairle.
Bhí chaon chláirseach de smugairle dhár chaith sé amach ar an teallach ansin an oíche cheana, chomh mór agus go bhféadfá a dhul ar snámh iontub.
Díol cam ort, le áit do chláirseach de smugairle a chaitheamh, anuas ar ucht mo choise!
Is geall le dhul ar an gcláirseach d'fhiacail siúd aige do sceallóigín tobac. Ní dhéanfadh sé cangailt amháin dó (duine a mbíodh cangailt thobac thuas go síoraí aige)
Ba mhór an slacht uirthi dhá dtarraingeadh sí an chláirseach mór siúd atá sa drad uachtair aici.
Tá cláirseach mhór coise uirthi, agus d'aithneofá a lorg in áit ar bith.
Mura gcuire tú tosach ar an gcláirseach de bhróig sin agat, is gearr go mbí do chois ar an talamh.
Diabhal a leithide de chláirseach de chruaich! Shílfeá dhá dtéití dhá déanamh d'aon uaim nach bhféadfaí leathnóg mar sin a dhéanamh di.
3.
leathnóg. Ní tugtar cláirseach ar fhear leathan, ainneoin gur ainm coitianta ar bhean é.
+
Is diabhaltaí an chláirseach de bhean í, bail ó Dhia agus ó Mhuire uirthi! — bean mhór leathan
Más reanglamán é fhéin, níl an bhean mar sin. 'Sí an chláirseach í!
TUILLEADH (4) ▼
A chláirseach bhradach, breá nach ligeann tú dhom?
Tá nimh croite air, agus ní taise don chláirseach is bean dó é ach an oiread.
M'anam nár shuaith an t-oispidéal mórán í. 'Sí an chláirseach chéanna i gcónaí í.
Bhí cláirseach de chailligh mhóir gróigthe sa gclúid ar m'aghaidh agus chaon osna aici. Shílfeá gurb uirthi a bhí anó an tsaoil, agus chloisfeadh sí an damhán alla ag corraí ina dhiaidh sin.

cláirseach in iontrálacha eile (3)

 
bálta
Bhí chaon chláirseach de ghlae le na báltaí! D'éagóir Dé má tá dáir aríst uirthi!
 
Tháinig racht casachta air, agus chuir sé cláirseach de chrochaille mhór amach a raibh leithead do bhoise ann.
 
de
Chaith sé cláirseach de smugairle amach