Cló-stiúrtha
—ainm-fhocal, baininscneach
—níl aon uimhir iolraidh air.
—Focal Achréidh é
—
ceannús ceann; smacht; gan cead a gcomhairle fhéin; guaim a bheith air, uirre etc.
+–
Tá an-chló stiúrtha orrú = smacht athar a's máthar.
Tá'n chlann sin aige gan cló stiúrtha ar bith = níl ceannús ceann a' bith orra.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh aon-chló stiúrtha orru, (d)ar ndóigh, ní ag imtheacht ar bhóithrí, mar sin de shiubhal oidhche a bheidís.
Dhá mbadh ugamsa a bheadh an chlann atá aige, chuirfinn cló stiúrtha eicínt orrú thar mar tá orrú: sin nó mharbhóchainn iad. Tá an breathas críochnuighthe orru, seachas putaigh ar bith eili (eile)
Siod é an fear a bhfuil an chló-stiúrtha aige ar a chlann inghean, a's nach mbéarfa cead dóibh, corruighe amach thar a' tearsa (tairsigh) ó thuitfeas oidhche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do 'chuile chailín óg a bheith 'san oidhche.
Tá cúigear cleathairí mac aige a's iad gan chló-stiúrtha ar bith, dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dóbhtha, is gearr nach bhféadfa na daoine an bóthar a shiubhal chor ar bith ucu (acu). Is mór a' t-iongnadh nach gcuirfead sé iad siod amach a' saothrú; seachas iad a bheith a' baint na sála dhá chéile istigh annsiod aige.
Níl cló-stiúrtha ar bith ar na scoláirí atá a' gabhail chuig an scoil seo thíos, ó tháinic a' philibín de mháighistir nuadh seo ann. Neart bata nar mhór dóbhtha sin le na gceannsú. Tá an domhnuidheacht slat síos 'sna rosáin sin thíos, dá mbeadh fonn air iad a bhaint. Níorbh fhearr sa mbealach iad.
Is furast' aithinte nach n-airigheann siad aon-duine in a n-aice a choinneochadh aon-chló stiúrtha orrú, nó ní bheidís ar a' gceird sin. Dual na druinne a theastóchadh a bhualadh orrú sin. Ní chomhairleochadh a mhalrait iad.
'San am ar casadh mise isteach, dheamhan cló stiúrtha ar bith a bhí ar a' teach. Bhí chuile fhear in a chraiceann ar an urlár ag iarraidh achrainn. Ba mhór an chontabhairt a bheith ab uil siad chor a' bith.
Níl cló-stiúrtha ar bith ar a' duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól a's ag a' caitheamh (airgid) faoi 's tairis
Cló-stiúrtha in iontrálacha eile (3)
Níl cló-stiúrtha a' bith fanta ar a' teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oidhche thiar sa mbóithrín beag. Is mór a' t-iongnadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóib.
→
bocht 2
Níl cló stiúrtha a' bith anois air, níl sin ach d'eile cé'n chóir a bheadh ar a leithide. 'Ó teighea(nn)s bocht go nocht, teigheann sé go gabhail éadain'.