Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cló stiúrtha
ainmfhocal, baininscneach
níl aon uimhir iolra air.
focal Achréidh é
ceannús ceann; smacht; gan cead a gcomhairle fhéin; guaim a bheith air, uirthi srl.
+
Tá an-chló stiúrtha orthu — smacht athar agus máthar.
Tá an chlann sin aige gan cló stiúrtha ar bith — níl ceannús ceann ar bith orthu.
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh aon chló stiúrtha orthu, ar ndóigh, ní ag imeacht ar bhóithrí mar sin de shiúl oíche a bheidís.
Dhá mba agamsa a bheadh an chlann atá aige, chuirfinn cló stiúrtha eicínt orthu thar mar atá orthu: sin nó mharóinn iad. Tá an breathas críochnaithe orthu seachas putaí ar bith eile
Siod é an fear a bhfuil an chló stiúrtha aige ar a chlann iníon, agus nach mbéarfaidh cead dóibh corraí amach thar an tearsa (tairsigh) ó thitfeas oíche. Daighean mé gur aige atá an ceart freisin. Istigh is córa do chuile chailín óg a bheith san oíche.
Tá cúigear cleathairí mac aige agus iad gan chló stiúrtha ar bith dhá bhfaca tú ariamh. Má mhaireann dófa, is gearr nach bhféadfaidh na daoine an bóthar a shiúl chor ar bith acu. Is mór an t-ionadh nach gcuirfeadh sé iad siod amach ag saothrú; seachas iad a bheith ag baint na sála dhá chéile istigh ansiod aige.
Níl cló stiúrtha ar bith ar na scoláirí atá ag gabháil chuig an scoil seo thíos, ó tháinig an philibín de mháistir nua seo ann. Neart bata nár mhór dófa sin lena gceansú. Tá an domhnaíocht slat síos sna rosáin sin thíos, dá mbeadh fonn air iad a bhaint. Níorbh fhearr sa mbealach iad.
Is furasta a aithinte nach n-airíonn siad aon duine ina n-aice a choinneodh aon chló stiúrtha orthu nó ní bheidís ar an gceird sin. Dual na droinne a theastódh a bhualadh orthu sin. Ní chomhairleodh a mhalrait iad.
San am ar casadh mise isteach, dheamhan cló stiúrtha ar bith a bhí ar an teach. Bhí chuile fhear ina chraiceann ar an urlár ag iarraidh achrainn. Ba mhór an chontúirt a bheith abuil siad chor ar bith.
Níl cló stiúrtha ar bith ar an duine bocht ar an aimsir seo. Tá sé ag ól agus ag an caitheamh (airgid) faoi is thairis

cló stiúrtha in iontrálacha eile (3)

 
Níl cló stiúrtha ar bith fanta ar an teach anois ag lucht cuart? Chloisfeá an chantaireacht a bhíos ann chuile oíche thiar sa mbóithrín beag. Is mór an t-ionadh nach dtugann Seán-J. an tsráid amach dóibh.
 
bocht 2
Níl cló stiúrtha ar bith anois air, níl sin, ach deile cén chóir a bheadh ar a leithide. Ó téanns bocht go nocht, téann sé go gabháil éadain.
 
Níl cló stiúrtha ar bith air ó mhaidin, pé ar bith cén cam srón birín atá air.