—
iarraidh bheag, go h-áithrid iarraidh le ailt a' dorna.
+–
Nach mór a' bhreathas atá ort, nach leigean díom? Cuirfe mise tochas in do chúl le crigín.
Béarfá mé crigín duit a mbeidh cuimne agad uirre an dá lá a's mhairfeas tú.
TUILLEADH (6) ▼
Crigín maith isteach ar pholl na cluaise, a theastóchadh uait!
Bhuail mé de chrigín é, mar bhuailfeá páiste, a's meastú nar thosuigh sé ag gol chomh h-árd 's 'bhí 'na cheann.
Chuala mé go dtugann a' máighistir seo thíos, corr-chrigín do na scoláirí, a's má thugann fhéin, dheamhan leath a' chirt atá aige leobhtha, arae má fhaghann siad cead a gcinn chor a' bith, eireocha siad in a mhullach.
Is géar a theastuigh na cupla crigín sin ó Pheaitsín. Níl caitheamh ina dhiaidh 'bith agam, (n)ach nachar thug sé tuille dhó, ó bhí a láimh ann.
Thug sé crigín idir a' gob 's a' tsúil dó.
Fainic a' dtiubhradh sé siúd crigín duit — fainic sin.