Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cnigín
ainmfhocal, baininscneach
iolra: cnigíní
focal Achréidh ar cniogaide
iarraidh bheag, go háirid iarraidh le ailt an dorna.
+
Nach mór an bhreathas atá ort nach ligeann díom? Cuirfidh mise tochas in do chúl le cnigín.
Béarfaidh mé cnigín duit a mbeidh cuimhne agat uirthi an dá lá is mhairfeas tú.
TUILLEADH (6) ▼
Cnigín maith isteach ar pholl na cluaise a theastódh uait!
Bhuail mé de chnigín é mar bhuailfeá páiste, agus meas tú nár thosaigh sé ag gol chomh hard is a bhí ina cheann.
Chuala mé go dtugann an máistir seo thíos corrchnigín do na scoláirí, agus má thugann fhéin, dheamhan leath an chirt atá aige leofa, arae má fhaigheann siad cead a gcinn chor ar bith, éireoidh siad ina mhullach.
Is géar a theastaigh na cupla cnigín sin ó Pheaitsín. Níl caitheamh ina dhiaidh ar bith agam (n)ach nár thug sé tuilleadh dhó ó bhí a láimh ann.
Thug sé cnigín idir an gob is an tsúil dó.
Fainic a dtabharfadh sé siúd cnigín duit — fainic sin.

Féach freisin