Cabh
—
scamall nó fionn a thagas ar shúile eallaigh go h-áithrid ar chaoirigh, de bharr amlughadh a's deártain = dalladh mullóg = dalladh mogóg = magag (Achréidh).
+–
Tá cabh ar a súil.
Dheamhan a' fiú biorán an méid sin. Níl ann ach cabh, a's imtheocha sé aríst.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileann an cabh cuid mhaith aca(b) ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon-chlóic orra(b) leis, mara mbeadh sé an-dona go díreach.
Nach hé an chaora agad é, go dtiocfadh cabh ar a shúil!
Thiocfadh sí ó'n gcabh, marab é an galra cám a bheadh dhá bualadh. Má's é, tá a cnaipe déanta.
Níl áit ar bith is measa ag an gcabh sin ná dubhrabhán fliuch a d'fhágfaidhe scathamh maith bán.
Cimín cnuic ab fhearr dóib an t-am seo 'bhliadhain. Ní hé an dubhrabhán sin agadsa an áit ab fhearr liom caora a fhaghail anois. Tá sé bun-fhliuch a's ní bheadh fhios aghad nach cabh a bhuailfeadh iad ann.
Is furasta aithinte an chaora 'mbeidh an cabh uirre. Bíonn na súile marbhánta aice, a's scamall anuas orra(b). Deanann sí comhnú freisin mórán in aon-ghiodán amháin.