Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cobha
scamall nó fionn a thagas ar shúile eallaigh, go háirid ar chaoirigh, de bharr amlúis deartain; dallamullóg; dalladh mogóg; magag (Achréidh).
+
Tá cobha ar a súil.
Dheamhan an fiú biorán an méid sin. Níl ann ach cobha, agus imeoidh sé aríst.
TUILLEADH (6) ▼
Buaileann an cobha cuid mhaith acub ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon chlóic orthub leis mura mbeadh sé an-dona go díreach.
Nach é an chaora agat é go dtiocfadh cobha ar a shúil!
Thiocfadh sí ón gcobha, murab é an galra cam a bheadh dhá bualadh. Más é, tá a cnaipe déanta.
Níl áit ar bith is measa ag an gcobha sin ná dúrabhán fliuch a d'fhágfaí scaitheamh maith bán.
Cimín cnoic ab fhearr dóibh an t-am seo 'bhliain. Ní hé an dúrabhán sin agatsa an áit ab fhearr liom caora a fháil anois. Tá sé bunfhliuch agus ní bheadh a fhios agat nach cobha a bhuailfeadh iad ann.
Is furasta a aithinte an chaora a mbeidh an cobha uirthi. Bíonn na súile marbhánta aici, agus scamall anuas orthub. Déanann sí cónú freisin mórán in aon gheadán amháin.