—
cuisle chaol fairrge idir dhá oileán, nó idir oileán a's an tír mhór; sonnda caol; caolas; sáinn fairrge; ding fairrge; coinéal. (Is minic in ainmneacha áiteacha é. Tá Coigéal Mór idir Leitir Mealláin a's Oileán Gharomna, a's Coigéal Beag idir Leitir Mealláin, a's Fuirnís).
+–
Tá cuigéilín fairrge aníos idir an churrach a's an talamh ann, a's d'fhéadfá rith cladaigh a thabhairt di (do'n bhád) suas ann.
Dhá dtagadh an lá an-mhór, ba mheasa do bhádóir coigéil mar sin ná lom na fairrge. Bíonn iomghaothachaí gártha ionnta(b), a's chaithfidís isteach ar a' gcladach thú, shul a bhféadfá seol a stríocadh.
TUILLEADH (8) ▼
Triumuigheann an cuigéal sin uileag le rabharta mór, ach d'fhéadfá 'dhul treasna aon-uair ar dhíth-thráigh, ach tú fhéin a chrapadh suas thar na glúine.
Ó thosuigheann sé a' trághadh chor a' bith, ní fhanann faice (uisce) 'sa gcoigéilín sin, ach ní fhéadfá a dhul anonn ar an oileán 'na dheidh sin, gan iomlucht a fhaghail.
D'éaluigh sé sa snámh uatha(b) treasna an choigéilín fairrge siúd ar dhíth-thráigh.
Ara cé'n stró atá orra(b) a theacht treasna an choigéil, má bhíonn snámh ar bith aca(b). A's [nach] bhfuil fhios agad go maith nach gcuirfe siad aon-phóilidhe 'san áit mara mbí snámh aige. Déanfa muinntear an oileáin cúis anois d'uireasbha poitín, ar chuma ar bith.
Dhá mbeadh a' choirrleach bainte, b'fhurasta í 'thárlú isteach ar chleimín, 'scáth an cuigéilín de chuan atá ann. Ach inDomhnach ní gan anró í 'bhaint — ní h-eadh sin.
Níl a' coigéal atá ann trí bhuille iomramha treasna, a's bháithfídhe 'man of war' ann 'na dheidh sin, tá sé chomh domhain sin.
Bíonn an-tarraingt is na cuigéil sin i gcomhnuidhe, ar ionntú de'n taoille. Dá mbeitheá a' gabhail treasna i gcurrach annsin anois, is maith a chruth(óchth)á, nó chasfadh an sruth ort í. Is minic a deirigh sé dhom.
Báitheadh lán curraigh, a's iad a' teacht anoir ó C. annsin fadó. Th'éis gur beag a' coigéal fairrge atá ann, d'imthigh an clampar air le sruthannaí. Dheamhan duine ar a' bhfeadhain aca(b) nar báitheadh.