—
cuisle chaol farraige idir dhá oileán, nó idir oileán agus an tír mhór; sunda caol; caolas; sáinn farraige; ding farraige; cainéal. Is minic in ainmneacha áiteacha é. Tá Coigéal Mór idir Leitir Mealláin agus Oileán Gharmna, agus Coigéal Beag idir Leitir Mealláin, agus Foirnis.
+–
Tá coigéilín farraige aníos idir an chorach agus an talamh ann, agus d'fhéadfá rith cladaigh a thabhairt di (don bhád) suas ann.
Dhá dtagadh an lá an-mhór, ba mheasa do bhádóir coigéil mar sin ná lom na farraige. Bíonn iomghaothachaí gártha iontub, agus chaithfidís isteach ar an gcladach thú shula bhféadfá seol a stríocadh.
TUILLEADH (8) ▼
Triomaíonn an coigéal sin uileag le rabharta mór, ach d'fhéadfá a dhul trasna aon uair ar dhíthrá ach tú fhéin a chrapadh suas thar na glúine.
Ó thosaíonn sé ag trá chor ar bith, ní fhanann faice (uisce) sa gcoigéilín sin, ach ní fhéadfá a dhul anonn ar an oileán ina dhiaidh sin gan iomlacht a fháil.
D'éalaigh sé sa snámh uathub trasna an choigéilín farraige siúd ar dhíthrá.
Ara cén stró atá orthub a theacht trasna an choigéil, má bhíonn snámh ar bith acub. Agus nach bhfuil a fhios agat go maith nach gcuirfidh siad aon phóilí san áit mura mbí snámh aige. Déanfaidh muintir an oileáin cúis anois d'uireasa poitín ar chuma ar bith.
Dhá mbeadh an choirleach bainte, b'fhurasta í a tharlú isteach ar chlimín, scáth an coigéilín de chuan atá ann. Ach i nDomhnach, ní gan anró í a bhaint — ní hea sin.
Níl an coigéal atá ann trí bhuille iomramha trasna, agus bháfaí man of war ann ina dhiaidh sin, tá sé chomh domhain sin.
Bíonn an-tarraingt sna coigéil sin i gcónaí ar iontú don taoille. Dá mbeifeá ag gabháil trasna i gcurach ansin anois, is maith a chruthófá, nó chasfadh an sruth ort í. Is minic a d'éirigh sé dhom.
Báitheadh lán curraigh agus iad ag teacht anoir ó C. ansin fadó. Théis gur beag an coigéal farraige atá ann, d'imigh an clampar air le sruthannaí. Dheamhan duine ar an bhfeadhain acub nár báitheadh.