Coimhightheach
—aidiacht
—breis-chéim: coimhighthighe.
—Foghar = caoi-ioch. In áiteacha tá fuaim bheag idir an chéad siolla a's siolla deireannach caoi-i-ioch.
1.
a.
i bhfad ó bhaile; thar tír amach; thar sáile.
+–
D'imthigh sé amach 'sna tíreachaí coimhightheacha.
Tá beithidhigh éigcéille, amach 'sna tíreachaí coimhightheacha, a's níl goir ag aonduine a' theacht in a mbealach, gan é bheith stracluighthe ó chéile aca(b).
TUILLEADH (4) ▼
B'fhéidir do amhuis de'n tsórt sin a bheith amach faoi na réigiúin choimhightheacha, ach níl a leithidí in Éirinn.
Th'éis a' méid sin, ghlan leis as New York, a's chuaidh sé amach i gceann eicínt de na státaí coimhightheacha atá in iargcúil Mheriocá, a's níor fritheadh scéal ná scuan uaidh tí (ní) ba mhó. 'Chuile sheans gur cailleadh ann amuigh é.
Go bhfeacha Dia ar do cheann a dhuine sin! Ba bheag a' mhaith dhuit do chuid Béarla amach faoi na h-áiteachaí coimhightheacha sin, arae níl aon-tSasanach ann.
Dhá gcastaí isteach 'sna coillte coimhightheacha sin thú, ba mhaith a bheitheá ar do mhaidí, a's a theacht asta(b) beo. Tá siad lom-lán le beithidhigh éigcéille.
b.
·
Go dtuga Dia ciall duit! Badh gearr le dhul do phúcán ar na fairrgí coimhightheacha atá as seo go Meriocá. Aon-liagán amháin aca(b) siúd, a's beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin puill í, mar d'fheicfeá sliogán (Fairrgí coimhigheacha = fairrgí cithbhéalta, nó an tseiscinn mhór. Bíonn fairrgí scréachta mar sin go h-iondamhail, i bhfad ó chladach).
Fuaduigheadh amach sa tseiscinn choimhightheach é, 'siar ó Árainn, a's níor frítheadh a dhuth ná a dhath ná a thuairisc ó shoin.
·
Ní fheicfeá cíb de'n tsórt sin ach amach 'sna criathraigh coimhightheacha. Aon-chriathrach a bhfuil cineáltas a' bith ann, ní fhásann sí air (Criathraigh coimhightheacha = amach domhain i réim mhóir chriathraigh).
Má chuaidh siad amach faoi na tamhnachaí coimhightheacha sin, caith sneachta ar a lorg. Tá tú réidh leo(b) = caoirigh strae.
c.
i bhfad amach ingaol.
·
Dhá mbeadh sé níos coimhighthighe agham ná bhí sé, ní hé amháin nach raibh, níor cheart dó a dhul i gcleitheamhnas a leithide de chleas a dhéanamh orm = níor cheart dó féachaint le na leithide de rud tútach a dhéanamh orm, a's bíodh sé gan gaol ná dáimh a bheith aige liom.
2.
cúthal; dorcha; dúnárusach; neamh-theanntásach; as compás.
+–
Is coimhightheach a' duine é. Níl ceo a' bith, ach nach bhfágfadh sé do bhealach, nuair a d'fheicfeadh sé a' teacht thú.
Is coimhthighthighe é liom, ná leis a' té nach bhfaca sé faoi dhó ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cé'n fáth atá aige a bheith chomh coimhightheach leis a' teach seo a's atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam a' bith a chuir muid ariamh air, mara bhfuil indán's gurb é a bhealach é.
Tá sí an-choimhightheach, an-dorcha thar dhuine eile.
Dheamhan duine a chonnaic tú ariamh is lugha triollús ná é ar a' gcaoi sin. Tá sé an-choimhightheach.
Ní raibh duine ar a' bhfeadhain de'n teaghlach sin, nach raibh an-choimhightheach go deo. Dheamhan ann, ach go labhróchaidís leat chor a' bith.
Measann tú céard is cor do Sheán ar an aimsir seo, nó an ro-choimhightheach atá sé le muid a thaobhachtáil.
Ní coimhightheach féin atá sé, ach buaileann daolannaí mar sin é amanntaí. Is mór a' t-ár é sin le aistighil.
Nach coimhightheach a' sórt duine é, nach dtiocfadh i láthair comhluadair. Feicfe tú gurb é an chaoi a mbeidh sé, nuair a thiocfas tuille dhá aois, ar a' gcaoi chéadna a raibh an t-athair. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air!
3.
gártha; áithbhéalta.
+–
Is coimhightheach an aimsir í, le seachtmhain.
Ní fhaca mé aon-uair ariamh chomh coimhightheach léithe an tráth seo 'bhliadhain.
TUILLEADH (13) ▼
Nach coimhightheach na laetheanta iad, i lár a' tsamhraidh thall.
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhightheach seo. Thug sé an chéad choicís go breagh uaidh. Ach níor tháinic an oiread as an lá fhéin go maith imbliadhna.
InDomhnach má chothuigheann an uair i bhfad eile coimhightheach mar seo, is mór a chuirfeas sé an cur siar. Tá daoine nar ionntuigh spreab fós, mar nach raibh an aimsear in 'araidheacht.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil a' casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) a's ughdar aca(b). Ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's an aimsear a' cothú chomh coimhightheach a's tá sí.
Nach diabhluidhe coimhightheach an uair í: chuile lá a' baint fhearr a's bárr dhá chéile!
Níor tháinic aon-Earrach go h-iomdhaí, is coimhighthighe [ná] é. Dheamhan Earrach a' bith, nach dtiocfadh cuid mhaith breac-aimsire, ach níl sé a' tabhairt lá 'bith uaidh imbliadhna. Ach ar chuala tú ariamh: 'seachain Earrach a' deagh-gheimhridh'. Níor tháinic aon-gheimhreadh le mo chuimhne-sa ba bhreaghtha ná é.
Tháinic na trí seachtmhainí nó'n choicís seo 'caitheadh an-choimhightheach, agus sé is dóigh anois, go mbainfe sé an ghealach seo as. Cá'ide go dteighe sí amach, nímé?
M'anam gur fearr dhó fanacht idteas na pluide, a's an aimsir chomh coimhightheach seo, ná bheith a' tabhairt tsiocair dhó fhéin ag eirghe.
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin, ar chuma 'r bith uair chomh coimhightheach seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliadhna é, le farradh a's fearthainn. Tá'n aimsear in a cithréabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
Tiocfa an-uair as an aimsir choimhightheach seo. Tá'n oiread báistighe caithte anois aige, a's gur tiormach go Samhain é. Cothramacan síne na h-uaire a mhic ó!
Má tá an uair coimhightheach fhéin le fad[a], gheobhamuid tiormach dhá réir, as seo amach. 'Níl tuile dhá mhéad, nach gcaitheann sé an fhad eile a thrághadh', agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhúin Dia ariamh bearna nach n-osclóchadh sé ceann eile.
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí ro-choimhightheach. 'Bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mara n-eirighe sé as a' mbáisti(gh) is gearr gur dubhachan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairbhshion seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta, mhoirteamhail.
Tháinic cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuiridh, a's bhí siad chomh coimhightheach le laetheantaí na Riabhaighe. InDomhnach fhobair gur fhuadaigheadh mé as a' bPáircín Áird annsin thuas!
Coimhightheach in iontrálacha eile (1)
→
cuideáin
Bhí fámuire thart annseo sa samhradh a's go deimhin ba éan coideáin críochnuighthe é. Dhá bhfeictheá chomh buidhe chomh bealthuighthe a's 'bhí sé, a's na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhightheach eicínt é. Bhí an-chanamhaint air freisin.