coimhthíoch
—aidiacht
—breischéim: coimhthí
—foghar: caoi-ioch; in áiteacha tá fuaim bheag idir an chéad siolla agus siolla deireanach: caoi-i-ioch
1.
a.
i bhfad ó bhaile; thar tír amach; thar sáile.
+–
D'imigh sé amach sna tíreachaí coimhthíocha.
Tá beithígh éigéille amach sna tíreachaí coimhthíocha, agus níl gair ag aon duine a theacht ina mbealach gan é bheith straclaithe ó chéile acub.
TUILLEADH (4) ▼
B'fhéidir do amhais den tsórt sin a bheith amach faoi na réigiúin choimhthíocha, ach níl a leithidí in Éirinn.
Théis an méid sin, ghlan leis as New York agus chuaigh sé amach i gceann eicínt de na státaí coimhthíocha atá in iargúil Mheirceá, agus níor frítheadh scéal ná scuan uaidh tí (ní) ba mhó. Chuile sheans gur cailleadh ann amuigh é.
Go bhféacha Dia ar do cheann a dhuine sin! Ba bheag an mhaith dhuit do chuid Béarla amach faoi na háiteachaí coimhthíocha sin, arae níl aon tSasanach ann.
Dhá gcastaí isteach sna coillte coimhthíocha sin thú, ba mhaith a bheifeá ar do mhaidí agus a theacht astub beo. Tá siad lomlán le beithígh éigcéille.
b.
·
Go dtuga Dia ciall duit! Ba gearr le dhul do phúcán ar na farraigí coimhthíocha atá as seo go Meiriceá. Aon liagán amháin acub siúd, agus beireadh sé ar do phúcán, chuirfeadh sí go tóin poill í mar a d'fheicfeá sliogán (farraigí coimhthíocha — farraigí cithbhéalta, nó an teiscinn mhór. Bíonn farraigí scréachta mar sin go hiondúil, i bhfad ó chladach)
Fuadaíodh amach sa teiscinn choimhthíoch é, 'siar ó Árainn, agus níor frítheadh a dhubh ná a dhath ná a thuairisc ó shin.
·
Ní fheicfeá cíb den tsórt sin ach amach sna criathraigh coimhthíocha. Aon chriathrach a bhfuil cineáltas ar bith ann, ní fhásann sí air (criathraigh coimhthíocha — amach domhain i réim mhóir chriathraigh)
Má chuaigh siad amach faoi na tamhnachaí coimhthíocha sin, caith sneachta ar a lorg. Tá tú réidh leob — caoirigh strae
c.
i bhfad amach i ngaol.
·
Dhá mbeadh sé níos coimhthí agam ná bhí sé, ní hé amháin nach raibh, níor cheart dó a dhul i gcleithiúnas a leithide de chleas a dhéanamh orm — níor cheart dó féachaint lena leithide de rud tútach a dhéanamh orm agus bíodh sé gan gaol ná dáimh a bheith aige liom
2.
cúthail; dorcha; dúnárasach; neamhtheanntásach; as compás.
+–
Is coimhthíoch an duine é. Níl ceo ar bith ach nach bhfágfadh sé do bhealach nuair a d'fheicfeadh sé ag teacht thú.
Is coimhthí é liom ná leis an té nach bhfaca sé faoi dhó ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Ní feasach mé beirthe ná beo cén fáth atá aige a bheith chomh coimhthíoch leis an teach seo agus atá sé. Shílfeá nach araoid ná múisiam ar bith a chuir muid ariamh air, mura bhfuil i ndán is gurb é a bhealach é.
Tá sí an-choimhthíoch, an-dorcha thar dhuine eile.
Dheamhan duine a chonaic tú ariamh is lú treallús ná é ar an gcaoi sin. Tá sé an-choimhthíoch.
Ní raibh duine ar an bhfeadhain den teaghlach sin nach raibh an-choimhthíoch go deo. Dheamhan ann ach go labhróidís leat chor ar bith.
Measann tú céard is cor do Sheán ar an aimsir seo, nó an róchoimhthíoch atá sé le muid a thaobhachtáil.
Ní coimhthíoch féin atá sé, ach buaileann daolannaí mar sin é amantaí. Is mór an t-ár é sin le aistíl.
Nach coimhthíoch an sórt duine é nach dtiocfadh i láthair comhluadair. Feicfidh tú gurb é an chaoi a mbeidh sé, nuair a thiocfas tuilleadh dhá aois, ar an gcaoi chéanna a raibh an t-athair. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air!
3.
gártha; áibhéalta.
+–
Is coimhthíoch an aimsir í, le seachtain.
Ní fhaca mé aon uair ariamh chomh coimhthíoch léithe an tráth seo bhliain.
TUILLEADH (13) ▼
Nach coimhthíoch na laethanta iad, i lár an tsamhraidh thall.
Ní raibh an Márta anuraidh leath chomh coimhthíoch seo. Thug sé an chéad choicís go breá uaidh. Ach níor tháinig an oiread as an lá fhéin go maith i mbliana.
I nDomhnach má chothaíonn an uair i bhfad eile coimhthíoch mar seo, is mór a chuirfeas sé an cur siar. Tá daoine nár iontaigh spreab fós, mar nach raibh an aimsir in araíocht.
Dheamhan mac an éin bheo in do thír nach bhfuil ag casaoid (ar shlaghdán, nó tinneas) agus údar acub. Ach is suarach an t-ionadh sin agus an aimsir ag cothú chomh coimhthíoch agus atá sí.
Nach diabhlaí coimhthíoch an uair í: chuile lá ag baint farasbarr dhá chéile!
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
Tháinig na trí seachtainí nó an choicís seo a caitheadh an-choimhthíoch, agus sé is dóigh anois, go mbainfidh sé an ghealach seo as. Cáide go dté sí amach, ní mé?
M'anam gur fearr dhó fanacht i dteas na pluide, agus an aimsir chomh coimhthíoch seo, ná bheith ag tabhairt tsiocair dhó fhéin ag éirí.
Ní fhaca mise, le mo chuimhne fhéin ar chuma ar bith, uair chomh coimhthíoch seo ann faoi Bhealtaine. Nach sílfeá gurb é dubhluachair na bliana é, le farra is fearthainn. Tá an aimsir ina círéabachaí ar fad, ní ceasacht ar Dhia é.
Tiocfaidh an-uair as an aimsir choimhthíoch seo. Tá an oiread báistí caite anois aige agus gur triomach go Samhain é. Cothramacan síne na huaire a mhic ó!
Má tá an uair coimhthíoch fhéin le fada, gheobhaidh muid triomach dhá réir as seo amach. Níl tuile dhá mhéad nach gcaitheann sé an fhad eile a thrá, agus sin é fhearacht ag an aimsir é. Níor dhún Dia ariamh bearna nach n-osclódh sé ceann eile.
Leabharsa is olc an uair ag cur í. Tá sí róchoimhthíoch. An bhfeiceann tú dasachaí (gasachaí) réabtha as a lúdrachaí ag an ropadh seo? Mura n-éirí sé as an mbáistigh, is gearr gur dúchan a fheicfeas tú amuigh as éadan. Ach mar sin fhéin, ní hé an gairfean seo is measa aige. Ba mheasa go mór uair mharbhánta mhoirtiúil.
Tháinig cupla lá faoi Fhéile Sin Seáin anuraidh agus bhí siad chomh coimhthíoch le laethantaí na Riabhaí. I nDomhnach, fhóbair gur fhuadaíodh mé as an bPáircín Aird ansin thuas!
coimhthíoch in iontrálacha eile (14)
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
→
cuideáin
Bhí fámaire thart anseo sa samhradh agus go deimhin ba éan cuideáin críochnaithe é. Dhá bhfeictheá chomh buí chomh bealaithe agus a bhí sé, agus na bruachannaí a bhí amach ar a chuid liopaí. Dar liom fhéin gur ó réigiún coimhthíoch eicínt é. Bhí an-chanúint air freisin.
→
beo 1
Tá amhais amach sna réigiúin choimhthíocha sin agus d'íosfaidís beo beithíoch thú dhá bhfaighidís aon ligean ort.
→
buail
Chaitheadar coicís ag imeacht sa sruth faoi thoil deona Dé, ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, bhuail siad cladach in áit eicínt amach sna réigiúin choimhthíocha (daoine a tháinig slán as bá loinge)
+
→
amach
Déantar rudaí aisteacha amach faoi na réigiúin coimhthíocha.
TUILLEADH (1) ▼
Tá amhais amach faoi na tíortha coimhthíocha.
→
feasta
Uair ar bith feasta (in future) dá dtiocfaidh tú thart anseo teara chugam. Ná bí coimhthíoch orainn
→
dochar
Is beag an dochar do Ph. fuacht féin a bheith air, thuas ansin ar aghaidh na riteachta ó mhaidin sna barrannaí garbha sin, agus an gála dhá chriathrú. Áit gan foscadh ar bith é. Is maith an clúdadh nár mhór do dhuine a bheith air agus an aimsir atá ann — aimsir choimhthíoch críochnaithe
→
déanta
Tá sé chomh coimhthíoch ar na daoine inniu agus a bhí sé an chéad lá in Éirinn ar tháinig sé, théis go bhfuil sé in am aige feasta a bheith déanta ar na daoine
→
déidín
Tá déidín tite aige ag fanacht go n-imí an deirfiúr agus go bhféada sé pósadh, agus gan cuimhne ar bith féin ag an deirfiúr aon chois a chorraí as siúd. Tá an iomarca aoise aici anois le go n-iarrfadh duine ar bith le pósadh í, mura mbeadh seansúmaire go díreach ann a chaith a shaol i réigiún coimhthíoch eicínt agus a thiocfadh abhaile lofa le airgead. Ní chuirfeadh seanraicleach ar bith aon éiseal ar a leithide sin
→
díle 1
Ní fhaca muide tada anseo ó tháinig an bhliain ach dílte. Agus deir tusa go raibh aimsir bhreá san áit a raibh tú féin. Dar príosta muis, níorbh é sin don áit seo. Bhí uair chomh coimhthíoch ann agus a chonaic mise ariamh
→
dúnáras
Níor inis sé do dhuine ná do dheoraí ar an mbaile go raibh faoi imeacht nó gur facthas ag dul soir an bóithrín é agus a travelling bag aige. Sin é a gcuid dúnárais sin i gcónaí. Ní chuirfeadh sé sciúrtóg as dóibh a inseacht, ach is daoine coimhthíocha mar sin iad. Ní ligfidh siad tada le aon duine go deo. 'Sé a mbealach é. Tá chuile dhuine ar an bhfeadhain acu ar an gcaoi chéanna — abhus is thall.
→
téigh i
B'fhearr liom a dhul in mo mhairnéalach ná aon cheird eile faoin domhan. Tá an-fhonn orm na réigiúin choimhthíocha a shiúl