Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Coimhightheas
ainm-fhocal, firinscneach
1.
dúnárus; dorchacht méine; cuthaileadas; scáth; drugal.
+
Nach air a bhí an coimhightheas nach dtáinic isteach! = scáth a's cúthaileadas (tá'n scáth i gceist ann, chomh maith leis an gcuthaileadas a's an dúnárus).
Nach mór an coimhightheas atá air, a's a liachtaighe uair a bhí sé annseo cheana.
TUILLEADH (6) ▼
Má's éan cuideáin é, beidh coimhightheas air, go cheann cupla lá = má's éan é a tháinic ar imirce ó ál nó ó theach eile, beidh scáth a's drugal air, aon-teanntás a dhéanamh go ceann cupla lá.
Ná bíodh coimhightheas ná cuthaileadas ort annseo, ach ith suas do dhóthain.
Is diadhachta dhó coimhightheas a bheith air anois. Tá sé in am aige a bheith taithighthe ar a' mbaile seo feasta.
Bheadh an oiread céadna coimhighthis orm a dhul 'un cainnte leis, a's bheadh orm leis a' té nach bhfaca mé ariamh.
Bheadh coimhightheas orm a dhul 'na ghoire, ingeall ar a' droch-thinneas a bhí sa teach = drugal, doithcheall nó "conceit".
Caith dhíot a' coimhightheas, a's buail isteach. 'Ní bhíonn fear náireach éadálach' tá fhios aghad.
+
Tá coimhightheas air fós, roimh na ngamhna eile, go dteighe sé in a gcleachta.
Marach a' coimhightheas atá air romhat-sa anois, mise imbannaí, go mbadh deacair cainnt a choinneál leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
TUILLEADH (1) ▼
Fág a' bheatha annsin aca(b) a's ithidís fhéin í, má's breagh leo(b) é. Tá an iomarca coimhighthis orra(b) romhatsa anois.
+
Fadó bhíodh coimhightheas ag chuile dhuine roimh(e) na sagairt, ach anois, dhéanfaidís chomh teann orra(b) le fear de'n bhaile.
Ghlac sé coimhightheas roimh an bpóilidhe a's siar leis sa seomra.
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sí an-teanntás orm idtosach, ach shílfeá go bhfuil sí a' gabhail 'un coimhighthis liom le goirid pé'r bith cé'n fáth é.
Nímé an doithcheall nó coimhightheas a bhí aige romhainn, nuair nar chuir sé mórán caidéise orainn!
Marach le coimhightheas rómhatsa faoi thú a bheith in do strainséara, mo choinsias, bheadh lán a' tighe istigh. 'Seo é an teach cuartaidheachta atá ag aos óg a' bhaile.
+
Nach beag a' coimhightheas atá ag an uan sin le daoine!
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, a's gan blas coimhighthis aca(b) le aonduine. Airigheann siad nach bhfuil aon-mhadadh de rath ar a' mbaile.
TUILLEADH (6) ▼
Déanann sé coimhightheas i gcomhnuidhe leis a' strainséara. = é scáthmhar nó dorcha le strainséaraí.
Ghlac sí coimhightheas liom, a's ní thálfadh sí deor dhom. D'aithin sí in mo strainséara mé.
Tá an oiread coimhighthis aige liom, a's a bheadh aige leis a' té is fuide uaidh sa tír. Dheamhan a' gceapfá go mbeadh gaol a' bith aige liom, a's chomh dorcha a's bhío(nn)s sé liom.
Má tá coimhightheas aige fós leat, dheamhan a dtaitheocha sé leat go bráth = má tá sé scáthmhar a's dorcha leat fós, ní bheidh aon-teanntás agaibh le chéile go deo.
Is beag a' dochar dhó coimhightheas a bheith aige leis an athair, a's chomh dúnárusach, dorcha a's tá sé fhéin.
Marach a' bhfuil de choimhightheas aca(b) leis a' madadh, b'fhurasta iad (na caoirigh) a sháinniú, ach tá scéin ionnta(b) anois, aige. Bagair air, a's cuir abhaile é.
+
Is mó coimhightheas é ná'n dearbhráthair go mór, aindeoin nar fhága an dearbhráthair an baile ariamh.
Dheamhan a chos a thaobhóchadh an teach le coimhightheas.
TUILLEADH (1) ▼
Ní leigfeadh an coimhightheas dó a theacht isteach. D'imthigh leis aríst.
2.
fiadhántas; uaithbhéaltacht, gárthacht; áithbhéaltacht.
+
Tá coimhightheas eicínt ins an aimsir le seachtmhain = aimsir ghártha fhiadháin í. Bheadh súil le deagh-aimsir an tráth áithrid seo de'n bhliadhain, ach droch-aimsir atá ann in a leaba sin, (mar aidiacht is mó a baintear leas as a' bhfocal, sa gcéill seo).
Is diabhaltaidhe an coimhightheas atá 'san uair, an tráth seo 'bhliadhain. (D)ar ndóigh, is geall leis an ngeimhreadh é.
TUILLEADH (2) ▼
Meastú tuige an coimhightheas atá sa mí seo 'chor a' bith? Ní fhaca mé an mhí seo a' teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta 'aithne é, a's an lá 'dtáinic an ghealach. 'Gealach Sathairn a's í 'thoidheacht sa bhFoghmhar — uair sa seachtmhadh bliadhain, is maith leis a' máirnéalach í 'fheiceál.
Ní bheadh iongantas a' bith orm, arbhar a bheith lobhtha a's an coimhightheas atá 'san uair. Ní bhuachfa (bhuadhfa) mise aon-phighinn go deo ar a' ngarrdha atá annsin thíos agham, arae tá sé scuirthe as éadan ag a' ngála.

Coimhightheas in iontrálacha eile (2)

 
Ní raibh smid a' bith aige i dtosach, le coimhightheas tá mé 'ceapadh, ach 'san am ar bhain sé amach, tháinic a' díle cainnte air in éindigh. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh, igcaitheamh do shaoghail.
 
deara
Tá coimhightheas aige le 'chuile dhuine. Mara bhfeiceadh sé ach S. Ph. atá i mbéal an doruis aige ag teacht faoi'n teairse (tairseach), ghreadfadh sé amach an dorus dúinte nó siar ins an seomra. Chuir an misinéara faoi deara dhó a dhul ag an Aifreann cupla uair ach níor thaobhuigh sé é ó shoin