coimhthíos
—ainmfhocal, firinscneach
1.
dúnáras; dorchacht méine; cúthaileadas; scáth; drogall.
+–
Nach air a bhí an coimhthíos nach dtáinig isteach! — scáth agus cúthaileadas (tá an scáth i gceist ann, chomh maith leis an gcúthaileadas agus an dúnáras)
Nach mór an coimhthíos atá air agus a liachtaí uair a bhí sé anseo cheana.
TUILLEADH (6) ▼
Más éan cuideáin é, beidh coimhthíos air go cheann cupla lá — más éan é a tháinig ar imirce ó ál nó ó theach eile, beidh scáth agus drogall air aon teanntás a dhéanamh go ceann cupla lá.
Ná bíodh coimhthíos ná cúthaileadas ort anseo, ach ith suas do dhóthain.
Is diachta dhó coimhthíos a bheith air anois. Tá sé in am aige a bheith taithithe ar an mbaile seo feasta.
Bheadh an oiread céanna coimhthís orm a dhul chun cainte leis agus a bheadh orm leis an té nach bhfaca mé ariamh.
Bheadh coimhthíos orm a dhul ina ghaire i ngeall ar an drochthinneas a bhí sa teach — drogall, doicheall nó consaeit
Caith dhíot an coimhthíos agus buail isteach. Ní bhíonn fear náireach éadálach tá a fhios agat.
+–
Tá coimhthíos air fós roimh na ngamhna eile go dté sé ina gcleachta.
Murach an coimhthíos atá air romhatsa anois, mise i mbannaí go mba deacair caint a choinneáil leis. Ach ní fhanann smid ná smeaid aige i láthair strainséara.
TUILLEADH (1) ▼
Fág an bheatha ansin acub agus ithidís fhéin í más breá leob é. Tá an iomarca coimhthís orthub romhatsa anois.
+–
Fadó bhíodh coimhthíos ag chuile dhuine roimhe na sagairt, ach anois, dhéanfaidís chomh teann orthub le fear den bhaile.
Ghlac sé coimhthíos roimh an bpóilí agus siar leis sa seomra.
TUILLEADH (3) ▼
Rinne sí an-teanntás orm i dtosach, ach shílfeá go bhfuil sí ag gabháil chun coimhthís liom le gairid pé ar bith cén fáth é.
Ní mé an doicheall nó coimhthíos a bhí aige romhainn nuair nár chuir sé mórán caidéise orainn!
Murach le coimhthíos romhatsa faoi thú a bheith in do strainséara, mo choinsias, bheadh lán an tí istigh. Seo é an teach cuartaíochta atá ag aos óg an bhaile.
+–
Nach beag an coimhthíos atá ag an uan sin le daoine!
Tá na breaclachaí sin siar beo le coiníní anois, agus gan blas coimhthís acub le aon duine. Airíonn siad nach bhfuil aon mhadadh de rath ar an mbaile.
TUILLEADH (6) ▼
Déanann sé coimhthíos i gcónaí leis an strainséara — é scáfar nó dorcha le strainséaraí.
Ghlac sí coimhthíos liom, agus ní thálfadh sí deoir dhom. D'aithin sí in mo strainséara mé.
Tá an oiread coimhthís aige liom agus a bheadh aige leis an té is faide uaidh sa tír. Dheamhan a gceapfá go mbeadh gaol ar bith aige liom agus chomh dorcha agus a bhíonns sé liom.
Má tá coimhthíos aige fós leat, dheamhan a dtaitheoidh sé leat go brách — má tá sé scáfar agus dorcha leat fós, ní bheidh aon teanntás agaibh le chéile go deo.
Is beag an dochar dhó coimhthíos a bheith aige leis an athair, agus chomh dúnárasach, dorcha agus atá sé fhéin.
Murach a bhfuil de choimhthíos acub leis an madadh, b'fhurasta iad (na caoirigh) a sháinniú, ach tá scéin iontub anois aige. Bagair air, agus cuir abhaile é.
+–
Is mó coimhthíos é ná an deartháir go mór, ainneoin nár fhága an deartháir an baile ariamh.
Dheamhan a chos a thaobhódh an teach le coimhthíos.
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh an coimhthíos dó a theacht isteach. D'imigh leis aríst.
2.
fiántas; uaiféaltacht, gárthacht; áibhéaltacht.
+–
Tá coimhthíos eicínt san aimsir le seachtain — aimsir ghártha fhiáin í. Bheadh súil le dea-aimsir an tráth áirid seo den bhliain, ach drochaimsir atá ann ina leaba sin (mar aidiacht is mó a baintear leas as an bhfocal, sa gcéill seo)
Is diabhaltaí an coimhthíos atá san uair an tráth seo bhliain. Ar ndóigh, is geall leis an ngeimhreadh é.
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú tuige an coimhthíos atá sa mí seo chor ar bith? Ní fhaca mé an mhí seo ag teacht chomh dona ariamh cheana. Ach b'fhurasta a aithne é, agus an lá a dtáinig an ghealach. Gealach Sathairn agus í a theacht sa bhfómhar — uair sa seachtú bliain, is maith leis an mairnéalach í a fheiceáil.
Ní bheadh iontas ar bith orm arbhar a bheith lofa agus an coimhthíos atá san uair. Ní bhuachfaidh mise aon phínn go deo ar an ngarraí atá ansin thíos agam, arae tá sé scortha as éadan ag an ngála.
coimhthíos in iontrálacha eile (14)
Cén aois an stuimpín sin? Sé bliana? 'Sí atá friochanta a mh'anam. Níl a dhath coimhthís uirthi a theacht isteach anseo. Dheamhan é muis
→
claibín
Ní raibh smid ar bith aige i dtosach, le coimhthíos tá mé ag ceapadh, ach san am ar bhain sé amach, tháinig an díle cainte air in éindí. Dheamhan a leithide de chlaibín muilinn a chuala tú ariamh i gcaitheamh do shaoil.
→
cuideáin
Beithíoch cuideáin é sin a d'imigh as áit eicínt. Ó tharla nach bhfuil aon choimhthíos ag na beithígh leis, níor mhiste é fhágáil ina mbail go dtagadh duine eicínt ar a thóraíocht.
Bhí coimhthíos orm le na daoine an chéad chupla lá, ach ba mhór an t-éirí amach dhom é ina dhiaidh sin.
+
Nach ort atá an coimhthíos (deirtear caoi-fhios) nach mbuailfeadh isteach — nach thú a airíos cúthail nó cuideáin ionat fhéin nach dtiocfadh isteach
TUILLEADH (1) ▼
Ní ligfeadh an choimhthíos (an cúthaileacht; an faitíos srl.) dhom bualadh (drannadh, dhul srl.) isteach
→
deara
Tá coimhthíos aige le chuile dhuine. Mura bhfeiceadh sé ach S. Ph. atá i mbéal an dorais aige ag teacht faoin teairse (tairseach), ghreadfadh sé amach an doras dúnta nó siar sa seomra. Chuir an misinéara faoi deara dhó a dhul ag an aifreann cupla uair ach níor thaobhaigh sé é ó shin
+
→
déan 1
Nuair a ligeadh aici é, ní dhéanfadh sé a shlat chor ar bith. Thosaigh sé ag smúrthacht thart, ach shílfeá gur coimhthíos a ghlac sé léithe, nach ngabhfadh sé ina gaire. Tarbh gan mórán maitheasa é sílim; ainneoin lán laidhre a thabhairt air.
TUILLEADH (1) ▼
Níl a dhath coimhthís ná meargántachta inti, ach nach bhfuil a béal déanta fós, ach shílfeá go mbeadh sé in am sin aige feasta más leis a bheith déanta go brách
+
→
dúnáras
Chonaic mise iad sin roimhe seo agus gan gráinne plúir ina dteach. Bhí committee dhá ligean amach an t-am céanna. Le teann dúnárais ní chuirfidís isteach air: gurb é N. Th. a mb'éigean dó a dhul suas, agus a dhul isteach ar an urlár acu idir chlár is chuinneog, gur chuir sé faoi ndeara dóibh a dhul siar agus a gcuid mine a fháil. Is túisce a chaillfí istigh sa teach iad fhéin ná a chorróidís … Móiréis mo chreach! Ní móiréis ar bith a bhí orthu, ach dúnáras agus coimhthíos — an rud atá iontu go fairsing anois agus an uair sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an teach uileag buailte síos leis an bhfiabhras, agus le teann dúnárais, níor inis siad d'aon duine é. 'Sé M. B. faoi dheireadh a bhraith nach raibh cor ná car istigh, agus chuaigh sé ag an doras agus thosaigh sé dhá rúscadh. Ní inseoidís dó an uair sin féin é. Meas tusa nach raibh an coimhthíos agus an dúnáras ag siúl leo sin! Chuaigh M. B. siar agus d'fhuagair sé do phóilíos é. Tháinig na póilíos agus an dochtúr ansin, agus hardaíodh isteach chuig an easpaicil iad. Murach sin, bíodh a fhios agat, dheamhan deoraí acu a bheadh sa gcomhaireamh ceann. D'fhanfaidís ansiúd go dtéadh sé in ainseal orthu, agus nárbh fhéidir a dtabhairt as. Tá an dream sin aisteach, ní dhá roinnt leo é
→
téigh ar
Chuaigh sí ar choimhthíos liom ar fad ón oíche sin, té (cé) nár dhúirt mé aon cheo léithe, ná a dhath. Seachnaíonn sí anois mé i gcónaí
Mura dté sé chun coimhthís leatsa ó tharla nach bhfuil aon aithne aige ort. Is fhearr dhuit mise a ligean aige